Oíche na dTrí Ríthe

       Oíche na dTrí Ríthe
le Bríd Ní Mhóráin

Ar lorg na dtrí ríthe
gabhaim tré Dhuibhneach
geal na gcoinnle
Oíche Nollaig na mBan–
Gleann na nGealt taibhseach
Abhainn an Scáil lonrach,
an Daingean ciúin
ag fanacht le iontaisí.
Ach ó Mhám an Lochaigh
síneann ríocht an tsolais
fé choróin bhán Bhréanainn
go Barr na hAille siar.
Fé mar stad an réalt
os cionn an stábla
treoraíonn trí choinneall
ar bhonn fuinneoige mé
mar a bhfuil do dhá láimh sínte
ar nós fáilte an rílinbh.

Má thaitin an blaisín sin leat, is féidir leat leabhar de chuid an údair a cheannach anseo.

Murar chuidigh tú liom “An Crann Silíní” a thras-scríobh i gceart, is féidir leat teacht air anseo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s