Thaithnigh an t-amhrán seo, a chuala mé ar Siúlach Scéalach 22 Nollaig 2013, go mór liom go ndearna mé tras-scríobh ar na liricí, atá curtha, in éindí leis an amhrán, ar youtube anois agam. Féach thíos (LEAGAN FEABHSAITHE)
B’as Baile an Chláir, Co. na Gaillimhe, don amhránaí, Mícheál Ó Concheannain, agus tá canúnt inspéise ag an bhfear–déanann ‘crann’ rím nach mór le ‘man’ an Bhéarla mar shampla. Tá mé in amhras faoi chuid de na focail a scríobh mé síos; sheiceáil mé leagan den amhrán a d’fhoilsigh Dubhghlas de hÍde in Abhráin Diadha ach tá neart difríochtaí idir an dá leagan. Seo thíos focail an amhráin agus chuir mé cló Iodálach ar na focail éiginnte. B’fhéidir go mbeadh ceartúchán ag duine nó beirt?
***LEAGAN FEABHSAITHE CRUTHAITHE ANOIS AGUS CURTHA SUAS–GRMA!
Trí fichid bliain a bhí Naomh Joseph
Nuair a chuaigh sé ag treorú Mhuire mháthair,
Ó is é a fuair an dán
tá níb fhearr ná an dóthain tí
Ó dhiúltaigh sé don choróin agus don ór
a bhí groí daighe;
Agus b’fhearr leis go mór mór
a bheith le treorú Mhuire mháthair.
Ó lá amháin dá raibh an cúpla
ag dul thríd an ngairdín,
Bhí silíní úra an chrainn uaithe
agus bláth istigh
Chuir Muire ansin dúil
agus a tnúth mór sa láthair
Ón mboladh na n-úllaí
a bhí ansin go cumhraithe ag Ard-Rí.
Ansin a labhair Muire máthair
De chomhrá lag fann,
“Tabhair dom cuid de na torthaí
atá fás ar an gcrann.
Ó tabhair iad do mo ghlacadh,
Mar tá mé lag fann,
Is tá tobar na ngrásta
ag fás in mo bhroinn.”
Ansin a labhair Naomh Joseph,
Ba de chomhrá lag mall,
“Ní domhsa,” a deir sé, “Is córa sin,
Agus ní háil liom do chlann.”
“Torthaí sin eadrainn, a Naomh Iósaef,
tá tú damn,
Tá dlite mian do chroí a bhaint
glan díreach ón gcrann.”
Ansin a labhair leanbh Íosa
A bhí go naofa faoina broinn,
“Ó ísligh,” a deir sé, “go híseal,
Ina fianaise, a chrainn.”
D’umhlaigh an crann síos di
Ina fianaise gan mhoill,
Nó go bhfuair sí mian a croí istigh
Glan díreach den chrann.
Nuair a chonaic is a chuala Naomh Joseph sin,
Ó chaith sé é féin faoin talamh,
Agus thóir sé an maiteanas ó rí an ghrásta
Faoi go ndearna sé an peaca.
“Téir abhaile,” a deir sé le Naomh Muire,
“Is luigh ar do leaba,
Nó go dté mé go cathair Bheithile
Is go bhfaighe mé maiteanas in mo pheaca.”
“Ní rachaidh mé abhaile,” a deir Naomh Muire,
“Ná ní luífidh mé ar mo leaba,
Tá cuntas agam anois ó rí na ngrásta
Go bhfuil tú táir in do pheaca.”
Trí lá ansin ón lá sin,
Bhí siad ag dul thrí chathair Bheithile,
Ag tóraíocht an lóistín
Ach ní bhfuair siad dún ná roinnt
Nó gur casadh iad insa stáblaín
Nach raibh díon air ná foscadh
Agus gur Rugadh an leanbh Íosa
Ar an bplán agus as ógh.
Trí lá ansin ón lá sin
d’fhiafraigh Muire dá leanbh,
“A leanbh, a mhic mo chroí anois
Céard a dhéanfas muid feasta ó?”
“Beidh muid,” a deir sé, “Dé Céadaoin
. . .”
Ping: Oíche na dTrí Ríthe | gasuirlegaeilge
Seo é an méid a rinne mé féin amach:
Iontach, a Bhriain! Réitigh tú cuid mhaith de na fadhbanna. “Tarrthaithe”–an-cheart. “idir bullán agus asal”–go maith. “úllaí” in áit “uaithi”–gach seans. Agus neart ceartúcháin bheaga eile. Go raibh maith agat! Déanfaidh mé iarracht an youtube a leasú amach sa tseachtain.
Níl an focal “dántas” agam, cé go bhfeilfeadh na fuaimeanna don taifead, ceart go leor. Céard a chiallaíonns an focal? Níl mé cinnte faoin abairt seo fós “Tabhair í sin ar athair do linbh, ós air ’tá tú teann” ach tagann na focail amach ina sruth cainte, agus sin é an cineál abairte a bhíonns i leaganacha Béarla an amhráin san áit sin. B’fhéidir go dtabharfaidh léitheoir eile a dtuairim?
Ar ndóigh ní raibh an focal sin agamsa ach an oiread, ach cuir ina chomórtas sin “Naċ é do fuaır an taḃartas dob ḟearr ná…”
Bhuail an smaoineamh anois mé ó thras-scríbhinn Bhriain–“don ór a bhí ag rí Dáithí”. /vi: gri: da:i:/. Luíonn sin le réasún, go deimhin.
Is dóigh go bhfuil an ceart agat ansin.