An Crann Silíní

Thaithnigh an t-amhrán seo, a chuala mé ar Siúlach Scéalach 22 Nollaig 2013, go mór liom go ndearna mé tras-scríobh ar na liricí, atá curtha, in éindí leis an amhrán, ar youtube anois agam. Féach thíos (LEAGAN FEABHSAITHE)

B’as Baile an Chláir, Co. na Gaillimhe, don amhránaí, Mícheál Ó Concheannain, agus tá canúnt inspéise ag an bhfear–déanann ‘crann’ rím nach mór le ‘man’ an Bhéarla mar shampla.  Tá mé in amhras faoi chuid de na focail a scríobh mé síos; sheiceáil mé leagan den amhrán a d’fhoilsigh Dubhghlas de hÍde in Abhráin Diadha ach tá neart difríochtaí idir an dá leagan.  Seo thíos focail an amhráin agus chuir mé cló Iodálach ar na focail éiginnte. B’fhéidir go mbeadh ceartúchán ag duine nó beirt?

***LEAGAN FEABHSAITHE CRUTHAITHE ANOIS AGUS CURTHA SUAS–GRMA!

Trí fichid bliain a bhí Naomh Joseph
Nuair a chuaigh sé ag treorú Mhuire mháthair,
Ó is é a fuair an dán
tá níb fhearr ná an dóthain tí

Ó dhiúltaigh sé don choróin agus don ór
a bhí groí daighe;
Agus b’fhearr leis go mór mór
a bheith le treorú Mhuire mháthair.

Ó lá amháin dá raibh an cúpla
ag dul thríd an ngairdín,
Bhí silíní úra an chrainn uaithe
agus bláth istigh

Chuir Muire ansin dúil
agus a tnúth mór sa láthair
Ón mboladh na n-úllaí
a bhí ansin go cumhraithe ag Ard-Rí.

Ansin a labhair Muire máthair
De chomhrá lag fann,
“Tabhair dom cuid de na torthaí
atá fás ar an gcrann.

Ó tabhair iad do mo ghlacadh,
Mar tá mé lag fann,
Is tá tobar na ngrásta
ag fás in mo bhroinn.”

Ansin a labhair Naomh Joseph,
Ba de chomhrá lag mall,
“Ní domhsa,” a deir sé, “Is córa sin,
Agus ní háil liom do chlann.”

 “Torthaí sin eadrainn, a Naomh Iósaef,
tá tú damn,
dlite mian do chroí a bhaint
glan díreach ón gcrann.”

Ansin a labhair leanbh Íosa
A bhí go naofa faoina broinn,
“Ó ísligh,” a deir sé, “go híseal,
Ina fianaise, a chrainn.”

D’umhlaigh an crann síos di
Ina fianaise gan mhoill,
Nó go bhfuair sí mian a croí istigh
Glan díreach den chrann.

Nuair a chonaic is a chuala Naomh Joseph sin,
Ó chaith sé é féin faoin talamh,
Agus thóir sé an maiteanas ó rí an ghrásta
Faoi go ndearna sé an peaca.

“Téir abhaile,” a deir sé le Naomh Muire,
“Is luigh ar do leaba,
Nó go dté mé go cathair Bheithile
Is go bhfaighe mé maiteanas in mo pheaca.”

“Ní rachaidh mé abhaile,” a deir Naomh Muire,
“Ná ní luífidh mé ar mo leaba,
Tá cuntas agam anois ó rí na ngrásta
Go bhfuil tú táir in do pheaca.”

Trí lá ansin ón lá sin,
Bhí siad ag dul thrí chathair Bheithile,
Ag tóraíocht an lóistín
Ach ní bhfuair siad dún ná roinnt

Nó gur casadh iad insa stáblaín
Nach raibh díon air ná foscadh
Agus gur Rugadh an leanbh Íosa
Ar an bplán agus as ógh.

Trí lá ansin ón lá sin
d’fhiafraigh Muire dá leanbh,
“A leanbh, a mhic mo chroí anois
Céard a dhéanfas muid feasta ó?”

“Beidh muid,” a deir sé, “Dé Céadaoin
. . .”

Advertisements

6 fhreagra ar “An Crann Silíní

  1. Ping: Oíche na dTrí Ríthe | gasuirlegaeilge

  2. Seo é an méid a rinne mé féin amach:

    Trí fichid bliain a bhí Naomh Jósaf nuair a chuaigh sé ag treorú Mhuire Mháthair,
    Ó sé a fuair an dántas ab fhearr ná na dántaí,
    Ó dhiúltaigh sé don choróin is don ór a bhí i gcroí? Dáithí,
    Agus b’fhearr leis go mór mór ag goil ag treorú Mhuire Mháthair.

    Ó lá amháin uair dhá raibh an cúpla ag goil thríd an ngairdín,
    Bhí silíní úra an chrainn, úllaí, agus bláistí.
    Chuir Muire ansin dúil agus an tnúth mór sa láthair,
    Ón mboladh na n-úllaí a bhí ansin go cumhra(í) ón Ard-Ríon.

    [An]sin a labhair Muire Mháthair de chomhrá lag fann,
    “Tabhair dhom cuide de na torthaí atá ag fás ar an gcrann,
    Ó tabhair iad dom, mo thoil acu?, mar atá mé lag fann,
    ’S tá Tobar na nGrásta ag fás in mo bhroinn.”

    Ansin a labhair Naomh Jósaf, ba? de chomhrá lag mall,
    “Ní domhsa,” adeir sé, “is cóirsa sin, agus ní heol dhom do chlann,
    Tabhair í sin ar athair do linbh, ós air ’tá tú teann,
    ’S tá glite [=dlite] mian do chroí a bhaint? glan díreach ón gcrann.”

    Ansin a labhair an leanbh Íosa a bhí go naofa(í) faoina broinn,
    “Ó íslgh,” adeir sé, “go híseal ina fianais, a chrainn!”
    D’umhlaigh an crann síos duithe [=di] ina fianais gan mhoill,
    Nó go bhfuair sí mian a croí istigh glan díreach den chrann.

    Nuair a chonaic is a chuala Naomh Jósaf sin, ó, chaith sé é héin faoin talamh,
    Agus thóraigh sé maiteanas ar Rí na nGrásta faoi go ndearna sé an peaca.
    “Téir(e) abhaile,” adeir sé le Naomh Máire, “is luigh ar do leaba,
    Nó go dtéighe mé go Cathair Bheithile ’s go bhfagha mé maiteanas in mo pheaca.”

    “Ní rachaidh mé abhaile,” adeir Naomh Máire, “ná ní luifidh mé ar mo leaba,
    Tá cuntas agam anois ó Rí na nGrásta go bhfuil tú tarrthaithe in do pheaca.”
    ’S trí lá ansin ón lá sin, bhí siad ag goil thrí Chathair Bheithile
    Ag tóraíocht an lóistín, ach ní bhfuair siad dóthain á roinnt.

    Nó gur casadh iad insa stáiblín nach raibh díon air ná foscadh,
    Agus gur rugadh an leanbh Íosa eidir an bullán agus asal.
    Trí lá ansin ón lá sin, d’fhiafraigh Muire dhá leanbh,
    “Óra a leanbh, a mhic mo chroí anois, céard a dhéanfas muid feasta?”

    “Ó beidh mé,” adeir sé, “Dé Céadaoin…”

  3. Iontach, a Bhriain! Réitigh tú cuid mhaith de na fadhbanna. “Tarrthaithe”–an-cheart. “idir bullán agus asal”–go maith. “úllaí” in áit “uaithi”–gach seans. Agus neart ceartúcháin bheaga eile. Go raibh maith agat! Déanfaidh mé iarracht an youtube a leasú amach sa tseachtain.
    Níl an focal “dántas” agam, cé go bhfeilfeadh na fuaimeanna don taifead, ceart go leor. Céard a chiallaíonns an focal? Níl mé cinnte faoin abairt seo fós “Tabhair í sin ar athair do linbh, ós air ’tá tú teann” ach tagann na focail amach ina sruth cainte, agus sin é an cineál abairte a bhíonns i leaganacha Béarla an amhráin san áit sin. B’fhéidir go dtabharfaidh léitheoir eile a dtuairim?

  4. Bhuail an smaoineamh anois mé ó thras-scríbhinn Bhriain–“don ór a bhí ag rí Dáithí”. /vi: gri: da:i:/. Luíonn sin le réasún, go deimhin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s