Nollaig Shona!

752px-Gerard_van_Honthorst_001

van Honthorst

Guím beannachtaí na Nollag oraibh ar fad!

Tá sceitimíní ar na gasúir ón uair a fuair siad litir ó Dheaide na Nollag thríd an bpost, a bhuíochas mór le Tuismitheoirí na Gaeltachta a rinne an-obair ar fad.

Tá an chuid is mó dár n-ullmhúchán críochnaithe againn agus tá muid ag tnúth leis an bhféile mhór. Tá bronntanas amháin (don bhean chéile chaoin!) goite ar iarraidh sa bposta idir an siopa agus ár dteachín, agus seans go mbeidh orm bronntanas eile a cheannach ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtiocfaidh an chéad cheann in am . . .

D’ordaigh mé slám mór leabhar Gaeilge do na páistí. Nuair a tháinig an bosca, bhuail scáth mé mar ní fhaca mé riamh bosca a bhí chomh greadta, stróicthe, batráilte, pollta, briste leis an mbeartán bocht romham. Féach thíos. 009011
Bhí mé ag ceapadh go mbeadh scuaine leabhar sínte ar an talamh ónár sráidbhaile beag i Sasana go haerfort Bhaile Átha Cliath. Ar an dea-uair, nuair a sheiceáil mé na leabhair istigh, bhí siad ar fad ann, slán sábhailte; smál beag fiú, ní raibh orthu. Míorúilt bheag na Nollag.

Thairis sin, bhí cárta álainn lámh-dhéanta istigh ann ón siopa–Ann Power ealaíontóir an chárta. 014
Go dtuga Leanbh nua-bheirthe na Beithile míorúilt Nollag dhaoibh ar fad!

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Nollaig Shona!

  1. Go mba hé duit, a chara!

    Tá súil agam go dtiocfaidh an bronntanas úd do do bhean in am – tá Daidí na Nollag lách, mar is eol duit – seans go mbeidh gach rud i gceart ar an lá..;-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s