Foréigean mailíseach in CLG

Thug mé sracfhéachaint ar chuid de chluichí peile na gclubanna ar TGg4 (tríd an idirlíon) le deireanas , agus chuir méid an fhoiréigin mhailísigh alltacht orm; ní raibh aon súil agam leis. Taobh istigh de 20 nóiméad, chonaic mé dhá eachtra foiréigin a raibh pionós tromchúiseach–ar nós cosc bliana imeartha–dlite don imreoir agus b’fhéidir don chlub iomlán. Sa gcéad chluiche, tugadh sonc le huillinn do bhaithis imreoir eile d’aon-ghnó nuair a bhí an imirt stoptha mar gheall ar chalaois eile. Ní bhfuair fealltóir na huillinne ach cárta buí, sílim. Sa dara cluiche, chuir imreoir an liathróid sa gcúl, agus, nuair a bhí sé ag bogshodar ar ais go sásta, bhuail imreoir eile ar an muineál é (“clothesline” i mBéarla) a leag an scórálaí chun talún, áit ar chuir an dara himreoir bonn a bhróige (“cleats”) isteach i lorga an scórálaí. De réir dealraimh, ní bhfuair an bheirt fealltóirí seo pionós ar bith, agus níor luaigh na tráchtairí an eachtra.

Ag an bpointe sin, mhúch mé an seó mar ní raibh suim ar bith agam breathnú ar a leithéid de mheatacht a thuilleadh. Chuir an taispeátas múisiam orm.

Ní minic a bhím ag breathnú ar chluichí CLG; dá bharr, ní raibh mé cinnte an mbíonn an cineál seo foréigean mailíseach coitianta. Rinne mé cuardach scioptha Google, agus ba léir go bhfuil neart nuachtáin th’éis scéal an fhoréigin a phlé le cúpla bliain anuas.

https://www.google.co.uk/search?q=GAA+violence&sourceid=ie7&rls=com.microsoft:en-US:IE-Address&ie=&oe=&gws_rd=cr&ei=kO-uUu_GE9KqhAfS9oHwBg

Is léir, fiú, go bhfuil mionlach mór i CLG sásta go leanfadh an foréigean seo ar aghaidh.

I mo thuairim féin, ba cheart don CLG cinneadh soiléir a dhéanamh: an bhfuil siad ag iarraidh spóirt sláintiúil fisiciúil a chur chun cinn, nó an bhfuil siad ag iarraidh meascán de pheil agus Ultimate Fight Club a chruthú?

Mholfainn pionós simplí dóibh: foréigean ar bith (puins, uilinn, srl.) nuair nach bhfuil an  t-imreoir ag streachailt don liathróid, sin cosc bliana ar an imreoir.

Ón méid a chonaic mé, níor mhaith liom go nglacfadh mo ghasúir féin  páirt sna comórtais seo. Ní fhoghlaimeoidís cothrom na Féinne ar chor ar bith.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s