Bairín Breac

Rinne muid físeán beag le gairid nuair a thriail muid oideas nua don bhairín breac. Tá an físeán anseo–bíonn orm fainic a chur ar na gasúir arís agus arís eile an Ghaeilge amháin a labhairt, mar bhí muid ag déanamh an fhíseáin le haghaidh Ghaeilge labhartha na ngasúr a chleachtadh! Sin an chaoi a mbítear anseo go hiondúil.

Thaithnigh an t-oideas nua linn–fuair mé in áit eicínt ar an idirlíon é ach d’athraigh muid beagáinín é. Seo thíos an t-oideas:

350 g meascán torthaí tirime, curtha ar maos i bhfuisce, i gcalvados, nó a leithéid ar feadh uair an chloig

Don Taos:
450 g plúr láidir aráin
Gráinne salainn
4 spúnóg tae giosta sciobtha
280 ml bainne, ag teocht an tseomra
50 g im, ag teocht an tseomra
50 g siúcra
1 ubh bhuailte

Don mhullach:
1 spúnóg boird ime
1 spúnóg tae cainéil
1/2 spúnóg tae meascán spíosraí

Measc comhábhair an taois le chéile i mbabhla agus fuin iad go ceann 15 nóiméad. Cuir an taos i mbabhla smeartha le hola agus clúdaigh le tuáille tae tais. Fág in áit the é (e.g. oighean ag 35 C) go ceann uair an chloig. Cuir an meascán torthaí isteach agus fuin chuile shórt le chéile. Déan builín cruinn de, orlach ar tiús, agus cuir ar thráidire bácála a bhfuil páipéar gréiscdhíonach air. Clúdaigh leis an tuáille agus lig don taos éirí go ceann 20 nóiméad san áit the. Cuir deannach plúir ar bharr an aráin agus bácáil ag 200 C go ceann 50 nóiméad. Agus é san oighean, measc le chéile na comhábhair don mhullach agus smear a meascán ar an arán te nuair a thiocfas sé amach as an oighean. Lig don arán fuarú agus bain sult as!

 

Advertisements

5 fhreagra ar “Bairín Breac

  1. tá siad gleoite amach is amach!

  2. Cuma an-deas ar an mbairín sin, a chara, ach tá foighid agaibhse nach mbeadh agamsa, ceapaim, dá mbeadh orm ceann a dhéanamh.:-)

  3. @turasailse–Coinníonn said ar siúl muid!
    @MiseÁine–Ar ndóigh, teastaíonn b’fhéidir 25 nóiméad oibre láimhe agus neart foighne. Is maith leis na gasúir an próiseas ar fad, áfach.

  4. Ping: Acmhainní do Oíche Shamhna | gasuirlegaeilge

  5. Ping: Cál ceannann na Samhna | gasuirlegaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s