An Charóg Dhubh 7 athrú paraidíme

hooded crowTá mé ag cur leathanach eolais i dtoll a chéile faoi láthair faoi phréacháin (cuireann an mac is sine spéis mhór sna héanacha faoi láthair) agus thugas faoi deara nach mbíonn an charóg dhubh (“carrion crow”) le fáil in Éirinn! Ós rud é gurb in é an t-éan a thaganns i gcumhne dom nuair a luaitear an “préachán”, bhí orm mo pharaidím Ghaeilge éanlaithe a athrú ó bhonn! Is dócha gurb é an charóg liath (“hooded crow”, le feiceáil thuas) gnáth-phréachán na hÉireann.

Advertisements

8 bhfreagra ar “An Charóg Dhubh 7 athrú paraidíme

  1. N’fheadar. Ní dóigh liom é. Dubh ar fad a bhíonn na préacháin is minice a chím anseo. Rúcaigh, i. Corvus frugilegus

  2. Sin agus cága Corvus monedula

  3. Agus an féidir le “préachán” tagairt dóibh ar fad? Bhí mé ag ceapadh roimhe seo gurb ionann iad “préachán” agus “crow”, ach is léir nach ionann iad ar chor ar bith.

  4. Mura bhfuil dul amú orm (agus bíonn, go deimhin!) feictear dom go bhfeicim an dá chineál, anseo agus ansiúd, ar fud na tíre. Préachán a thug mé féin ar ‘crow’ riamh, ach cuirfidh mé ceist nó dhó ar dhuine nó dhó go bhfeice mé cén focal atá acusan. Beidh mé ar ais..:-)

  5. I mBéarla Mheiriceá, níl de bhrí ag “crow” ach “American crow”, .i. Corvus brachyrhynchos. Dá dtabharfá “crow” ar an bhfiach dubh, déarfadh duine eile “That’s a raven, not a crow.” Níl cága ná rúcaigh againn. Tá mé ag ceapadh go bhfuil brí an fhocail “crow” níos leithne in Éirinn ná i Meiriceá.

  6. Préachán agus caróg a chuala mé, on dream thiar, nuair a chuir mé ceist ar dhuine nó dhó acu, mar a leanas ‘Cén Ghaeilge a bheadh agat ar ‘crow’..?’..:-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s