Meán Fómhair / Deireadh an tSamhraidh

Tógann sé i bhfad an iomarca am le gluaiseacht ó theach amháin go teach eile, gan trácht ar aistriú ó thír amháin go tír eile. Beidh muid ag caitheamh na bliana seo chugainn i gCambridge, Sasana, agus bhí orainn ár dteach i bPennsylvania a réiteach do na feighlithe tí, pacáil don bhliain ar son seisear duine, eitilt, teach a aimsiú i Sasana, srl. Ba í an chuid is measa an an tsíor-fhanacht. D’fhan muid tigh mo mháthar seachtain sular eitil muid, agus ansin d’fhan muid tigh mo leas-mhátharar feadh seachtaine th’éis dúinn tuirlingt. Anois tá muid ag fanacht i dteach leas-aintín (atá thar lear faoi láthair). Caithfidh muid seachtain i Normandie ina dhiaidh sin, agus, sa deireadh thiar thall, beidh muid in ann bogadh isteach inár dteach i gCambridge an chéad lá de Dheireadh Fómhair, le cúnamh Dé.
Mí iomlán caillte againn, ar bhealach, ach bhí sé go deas íam a chaitheamh leis an muintir.
Tá muid go léir ag tnúth le filleadh ar an ngáthamh. Agus muid ag fanacht tigh Béarlóirí, ní raibh mórán Gaeilge le clos, agus is scíth mhaith í a bheith linn féin anois agus an Ghaeilge a tharraingt chugainn arís. Ardú meanman a tugadh dom nuair a bhí an seans a’m don chéad uair i rith míosa suí síos agus éisteacht le Raidio na Gaeltachta inné.

3 fhreagra ar “Meán Fómhair / Deireadh an tSamhraidh

  1. Bainigí sult as an dtréimhse thall. Staidéir, múineadh nó an dá rud?

  2. Anois díreach a léigh mé é an mhír seo, a chara, agus tá súil agam go bhfuil sibh socraithe síos go maith, agus ag baint suilt as bhur gcuid ama thall i gCambridge. Go n-éirí go geal leis an taighde!

Freagair ollamhollscoile Cealaigh an freagra