Samhradh cruógach

Tá an samhradh ag scinneadh leis. Bhí an-time agam in Éirinn ag tús an tsamhraidh agus mé ag tabhairt scata mac léinn as Meiriceá go hÉireann le staidéar a dhéanamh ar na healaíona dúchasacha. Bhí an seans agam bualadh le lucht blagadóireachta Bhaile Átha Cliath freisin–is iontach an saol Gaelach atá sa bpríomhchathair. Pictiúr deas ag Réaltán:  http://turasailse.blogspot.com/2013/05/na-blagadoiri-na-blagadoiri.html
Go gcasfaí ar a chéile muid arís.

Ón uair a tháinig mé ar ais go Pennsylvania, ní bhím ag taithí na hoifige mórán. Níl an t-idirlíon againn sa mbaile (chuir muid ar ceal é bliain ó shin–mholfainn a leithéid do dhuine ar bith a chaitheanns an iomarca am ar líne!), agus dá bharr sin níl mé scríobh ar an mblag le tamall.

Tá scéim suimiúil do mo choinneáil amach as an oifig, áfach. Fuair mé deontas beag samhraidh ón ollscoil chun curach bheag a dhéanamh, agus bím ag adhmadóirecht liom sa gcúlghairdín an lá ar fad, á tógáil. Seo í an chéad bhád a thug mé fúithi, agus bhí orm neart a fhoghlaim fiú sular thosaigh mé ag sábhadh agus ag siúnéireacht.  Tá an ghunail críochnaithe anois, agus an chuid is mó de na heasnachaí lúbtha i gceart, agus tá súil a’m go mbeidh mé críochnaithe taobh istigh de dhá sheachtain eile.

Léigh mé gur thóg na saoir bháid báid bheaga mar seo taobh istigh de sheachtain–tá sé ag tógáil i bhfad níos mó ná sin ormsa!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s