Catagóir A go Catagóir W: éabhlóid nádúrtha

Gaeltacht comhartha

Bhí an-time agam in Éirinn ar feadh dhá sheachtain, ach ba cheart dom tosnú ag scríobh arís agus mé leandáilte i bPennsylvania anois le seachtain. Phléigh mé leaba bháis na Gaeltachta san alt deireannach, agus ba mhaith liom díriú ar an ábhar sin arís inniu.

Ar Iris Aniar inniu, bhí Donncha Ó hÉallaithe, staitisticeoir, ag caint faoin anailís is deireannaí ar an nGaeltacht, agus seoladh téacs isteach a mhaíomh go raibh “Árainn th’éis titim ó Chatagóir A go Catagóir W”.

Is éabhlóid an-nádúrtha í an titim seo. Feicim féin a leithéid d’athrú teangan anseo i Reading, PA. Nuair a chaillim aifreann an Domhnaigh ar maidin, bíonn orm taisteal go dtí an t-aon aifreann tráthnóna sa gcathair, aifreann Spáinnise. Th’éis an aifrinn, bíonn na tuismitheoirí, ar tháinig an chuid is mó acu ó Mheiriceá Laidineach, ag labhairt na Spáinnise le chéile, ach bíonn na gasúir ag labhairt an Bhéarla le chéile. An mbeadh a leithéid neamhchoitianta i nGaeltacht láidir ar bith? An bhfuil dabht ar bith ann go labhróidh formhór na bpáistí sin an Béarla amháin lena ngasúir féin, go háirithe má phósann siad Béarlóir aonteangach?

Athrófar teanga na muintire sin taobh istigh de thrí ghlúin.

Nuair a bhí an Ghaeltacht iargúlta, scoite amach ón bpobal Béarla, ní raibh tionchar an Bhéarla le feiceáil ach ar na himill. D’éirigh na Forbacha lag, ach bhí an Spidéal fós láidir.  Ansin, thosaigh an Spidéal ag éirí lag, ach bhí Indreabhán fós láidir.

Ach tá tionchar an Bhéarla istigh i gcroílár na Gaeltachta anois, a bhuí le taisteal éasca, bóithre maithe, meáin Bhéarla, postanna do Bhéarlóirí, srl. Ar nós na Spánnise i Reading, imeoidh an Ghaeilge mar ghnáth-teanga cumarsáide taobh istigh de thrí ghlúin. Déanta na fírinne, thosaigh an t-athrú 30 bliain ó shin sna Gaeltachtaí láidire atá fágtha. Luíonn torthaí an Staidéir Chuimsithigh go maith leis an anailís seo.

Má táthar chun stop a chur leis an éabhlóid nádúrtha seo, caithfear scéimeanna saorga a chruthú.

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Catagóir A go Catagóir W: éabhlóid nádúrtha

  1. Ping: Mata na Gaeltachta | gasuirlegaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s