Céard is pobal teanga ann?

Bás na Gaeltachta

Foilsíodh dhá alt suimiúil le gairid a chuireanns na ceisteanna bunúsacha sin i m’intinn: céard is pobal teanga ann? Agus cén chaoi a dtógtar pobal seasmhach teanga?

Ar láimh amháin, léiríonn Donncha Ó hÉallaithe an díomá a bhíonns go minic ar phobal na Gaeilge agus muid ag cuimhneamh ar staid na Gaeilge: http://beo.ie/alt-40-bliain-i-gconamara.aspx Caoineann an t-uasal Ó hÉallaithe laige Ghaeilge an dreama óig thart ar an Spidéal, agus ar fud na nGaeltachtaí, agus cuireann sé an cheist: an fiú an teanga seo a shábháilt?

Ar an láimh eile, beidh Sabhal Mór Ostaig ag cur bunchloch faoi shráidbhaile nua Gàidhlig timpeall ar an gcoláiste. Féach an tuairisc sa Tuairsceoir: http://beo.ie/alt-40-bliain-i-gconamara.aspx

Ní raibh mé riamh i nGaeltacht na hAlban, agus dá bharr sin níl mé in ann staidéar ciallmhar a dhéanamh ar staid na Gàidhlig, ach guím gach rath ar a scéim tithíochta.

Le filleadh ar mo cheisteanna, áfach: céard is pobal teanga ann? Cén chaoi a dtógtar pobal seasmhach teanga?

Mar a léiríonn Ó hÉallaithe, tá sé ag teip ar na Gaeltachtaí ar fad pobal Gaeilge a dhéanamh den chéad ghlúin eile. Ní shlánóidh “plean aicsean” ar bith an scéal, cé go bhféadfaidís beagáinín slacht a chur ar an tubaiste.

I mo thuairim féin, tá údar amháin glan soiléir le teip na Gaeilge: pósann Gaeilgeoirí Béarlóirí.

Níl mé ag cur milleán orthu—rinne mé féin peaca seo an ghrá! Dá bpósainn Gaeilgeoir, bheadh Gaeilge na ngasúr i bhfad níos fearr ná mar atá, fiú’s dá mbeadh mo chuid Gaeilge féin níos saibhre. Chuir mé glaoch ar fhear Gaeltachta le deireanas, fear a bhfuil Gaeilge mhaith dhúchasach aige ón gcliabhán agus atá ina chónaí i nGaeltacht “láidir”, agus atá pósta le bean Ghalltachta. Seo an comhrá a bhí agam leis an ngasúr óg a d’fhreagair an fón:

Gasúr: Hello.

Mise: Hello. An bhfuil X ansin?

Gasúr (ag ithe na bhfocal): Moment. (Ag glaoch): Dad, someone’s on the phone for you!

Tharlódh an rud céanna i mo theaghlach féin, go deimhin, ach ní dóigh liom go dtarlódh a leithéid más í an Ghaeilge a rogha teanga ag gach tuismitheoir sa teaghlach.

Is é an rud atá mé ag iarraidh a rá ná: braitheann pobal teanga nádúrtha ar theaghlaigh aonteangacha.

Mar sin, ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt slán, mar níl duine ar bith ag iarraidh an grá a chosc ar Ghaeilgeoirí (go fóill, ar aon chaoi!), agus deir na staitisticí gur chuile sheans go bpósfaidh Gaeilgeoir (< 1% de phobal na hÉireann, gan trácht ar phobal an domhain!) Béarlóir. Níl muid ag dul ag ruaigeadh na mBéarlóirí as an nGaeltacht, agus gheobhaidh an Ghaeltacht bás dá bharr.

Mar sin, má tá muid ag iarraidh pobal nua seasmhach Gaeilge a shamhlú, tá dhá rogha againn:

1) pobail roghnacha, e.g. gréasáin Ghaeilge, a chothú.

2) tithíocht ar leith a chur i leataobh do dhaoine cúise, nach bhfuil cead ag fiú’s Béarlóir amháin a bheith ina chónaí inti. Teastas Eorpach na Gaeilge C1 riachtanach.

Tá deireadh leis an nGaeltacht áitiúil nádúrtha ag tíocht—tá an Ghaeltacht sean, tinn, agus níl teacht aniar inti a thuilleadh. Ní féidir linn ach palliatve care, cúram maolaitheach, a thabhairt di. 

Caithfidh muid toibreacha eile teanga a thochailt is a thógáil.

Advertisements

9 bhfreagra ar “Céard is pobal teanga ann?

  1. Aontaím ar fad leat faoin riachtanas atá againn le pobal a bhfuil ‘chuile dhuine in ann Gaeilge a labhairt ann gan Bearla. Ach ní aontaím leat gurb iad posaíocha an fhadhb is mó. Meon lucht na heite chlé an fhadhb agus easpa rudaí a bheadh riachtanach.

    Tá sé riachtanach gur phobal laidir éifeachtach é ina mbeadh muid in ann maireachtáil go compardach i measc daoine le meas acu ar cheartanna nadurtha chuile dhuine eile. Agus tá sé tabhachtach freisin go mbeadh muid in ann a bheith bródúil asainn féin agus as ár gcuid iompair mar dhuine ar leith gach cheann againn i measc an phobail sin.

    Aríst agus aríst eile, tagann muid ar ais don leathchuid den Ghael ghlórach inár measc agus á gcuid polaitíocht. Sóisialaigh de gach chineál iad. Agus ní bheidh dul chun cinn againn go dtiocfaidh athrú intinne orthu. Tá sé sach dona gur thug siad tacaíocht do pholasaí na heite chlé atá taobh thiar den ghéarchéim eacnamaíochta tríd an iarthar ar fad.
    (Na déan dearmad ba lucht na heite chlé ag cur á ladar isteach sa margadh títhíochta agus creidmheasa chun vótaí a bhaint as á gcuid vótóirí gorma agus hispanic chun cumhacht a bhaint amach an rud a bhí taobh thiar de. Agus chuile uair a dhéanadh Liobraíocha agus Poblachtanaithe iarracht an fhadhb an réiteach leis an ngéarchéim seo a stopadh roimh ré..thosaíodh lucht na heite chlé ag screadaíl faoin gciníochas agus faoi na bochtáin agus cé chomh crua agus uafásach muid uilig agus chuile ad hominem nach iad leis na meáin lán den lucht na heite chlé ag tabhairt tachaíocht dóibh.
    Agus é sin ag tarlú abhus i SAM, bhí lucht na heite chlé ag cur á laidir isteach sa margadh thar lear chomh maith.Le scéimeanna fhostaíochta rialtais, conradh leis na heilimintí polaitiúla is lofa in Oirthuaisceart Mheiriceá, agus rialacha míchiallmhar, spreag sibh infhéistíocht sna comhlachtaí crony agus sna margadh tithíochta sa tír seo.)

    Ach an rud is measa agus is contúirtí duinne, ceann de na difríochta idir eití na spectruim ná cén chaoi ina bhfuil muid ag déileáil le ‘ luach ‘. Ar an deis, tá an ceart ag chuile dhuine á rogha féin a dhéanamh faoi ceard is luachmhara dóibhsean féin agus dul ar tóir air sin. Bailíonn daoine le chéile chun dul chun cinn a dhéanamh i measc díospóireachta. Ar clé na líne, faigheann muid corais agus idé-eolaíochtaí nach mbíonn an ceart ag an duine á rogha féin a dhéanamh faoi ceard is luachmhara dóibhsean agus dul ar tóir air. Is collectivists iad agus níl suim dá laghad acu i mionlach ná i ndíospóireacht ná in il-aon-rud. Éilíonn siad ar dhaoine íobairt dínn féin agus de na rudaí is luachmhara dóibhsean a dhéanamh ar son chuile dhuine eile. Ní rud maith é sin den Ghaeilge go fadtéarmach, cibé cén tacaíocht sealadach atá againn anois.
    Mar gur adhmhaigh na bogShóisialaigh Chaitliceacha Chráifeacha a líon Conradh na Gaeilge fado go raibh an Sóisialachas rud a bhí siad ag iarraidh brú orainn mar rud nar smaoinigh muid féin ariamh, b’fhédir go mbeidh muid in ann caint go réasúnta faoi. Agus faoi cén chaoi a mbeadh muid ag cur bród ar ár gclann, agus todhchaí níos fearr a thabhairt dóibh.

    Is fiú muid féin agus ár dteanga agus ár gcultúr a shábhaíl i gcónaí, DAS. : )

  2. Go raibh maith agat as an trácht, a April. Measaim féin nach bhfuil mórán baint ag na heití polaitíochta éagsúla leis an gceist, ach chomh fada leis seo: ní féidir linn brath ar an rialtas a thuilleadh. Má tá muid le rud eicínt fónta a bhaint amach, caithfidh muid é a chur i gcrích as ár stuaim féin. Chuala mé cúpla bliain ó shin faoi scátheagras a bhí le díriú ar bhailte nua Gaeltachta a thógáil, ach níor chuala mé trácht ar an eagras ó shin. Sílim gur “Baile” an t-ainm a bhí orthu, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm?

    • Chuala mé trácht ar scéim chun bailte a thógáil agus iad a líon le inimircigh ar mhúin siad Gaeilge dhóibh. : / Agus chuala mé scéim chun kibbutzes a thógáil. : (

      Nach an oiread sin scéimeanna craiceáilte ann?!

      Chuala mé scéim dáiríre chun árasáin a thógáil, agus go bhfios dom, thóg siad cupla ceann acu.

      Ach chuala mé futhu agus mé féin i mo chónaí i SAM, cosúil leatsa.

      Ar aon chaoi, as mo stuaim féin a bheas mé ag sábháil na teanga. Bhí mé ag labhairt le Shannon, an iníon is óige atá agam, an mhaidín ar fad agus ar fud na háite. Sna siopaí freisin.

  3. Suimiúil. Rinne mé an bhlagmhír seo a tvuíteáil le go mbeidh deis ag tuilleadh daoine í a léamh.

  4. Sílim gur “Baile” an t-ainm a bhí orthu, ach b’fhéidir go bhfuil dul amú orm?
    B’ea. Ghlac mé féin páirt i ngrúpa fócais dá gcuid. Sílim go dtáinig imeachtaí aniar aduaidh an an príomhdhuine a bhí ina bhun agus nach raibh deis aige leanacht ar aghaidh.

    N’fheadar faoi pósadh. Dá mbeadh an tuismitheoir gan Ghaeilge báúil, ceist eile a bheadh ann dar liom. (Tugaim faoi deara gur ar eachtrannaigh nach é an Béarla a dteanga dúchais atá cuid mhaith de’m lucht aitheantais atá ag tógáil clainne le Gaeilge + X pósta – mé féin ina measc )

    Maidir le déagóirí na Gaeltachta, ní sa mbaile atá an fhadhb dar liom ach san chaoi a bhfuil an saol mór ag teacht chucu trí mheáin an Béarla amháin. Ainneoin TG Fóir.
    Sráidbhaile a thógann páiste!

  5. Rud éigin ar strae leis an cnaipe “seoltar fógra”. Iarracht eile.

  6. @Aonghus. Suimiúil gurb iad na heachtrannaigh a chothaíonns an dátheangachas. An cuimhin leat ainm an duine a bhí i gceannas ar “Baile”, nó an fearr gan an t-ainm a lua ar an idirlíon (seans)? Bheadh ar scátheagras tithíochta deontóirí rachmasacha a mhealladh–sin an chaoi a gcoinnítear cuid mhaith de na heagrais dheonacha ar a mbonnaibh i Meiriceá.

  7. An cuimhin leat ainm an duine a bhí i gceannas ar “Baile”, nó an fearr gan an t-ainm a lua ar an idirlíon (seans)?
    Ní cuimhin liom a shloinne. Rónán ab ainm dó. Bhíodh suíomh idirlín ann, ach tá sin imithe le gaoth freisin. Níl nós na ndeontóirí rachmasacha forbartha ró mhaith abhus – sin an toisc go mbítear ró spléach ar an Rialtas.

    (Níl an “Seoltar fógra” ag obair feictear dom, sin an fáth nár fhreagair mé go dtí anois)

  8. Ping: Mata na Gaeltachta | gasuirlegaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s