An seisiún is fearr i mBaile Átha Cliath

Tá mé ag tabhairt grúpa mac léinn ollscoile as Meiriceá go hÉireann mar chuid de chúrsa ar “ealaíona traidisiúnta na hÉireann.” Beidh muid ag caitheamh seachtain thiar i gCarna ag Áras Shorcha Ní Ghuairim (NUIG), ach roimhe sin caithfidh muid leath seachtaine i mBÁC.

Ar nós comónta na dturasóirí Meiriceánacha, beidh ár laetha pulctha le himeachtaí. Gabhfaidh muid timpeall ar an mbus “Hop-on, Hop-off”, tabharfaidh muid cuairt ar an músaem náisiúnta, freastalóidh muid ar an dinnéar scéalaíochta ag an Brazen Head, éistfidh muid leis an amhránaíocht ag Club an Ghóilín, déanfaidh muid turasanna lae go Brú na Bóinne & Teamhair, agus go Gleann Dá Loch & Cill Chainnigh.

Tá tráthnóna  amháin saor faoi láthair–oíche Dé Sathairn. Bhí mé ag ceapadh aghaidh a thabhairt ar sheisiún ceol traidisiúnta.

Aon mholtaí ag duine ar bith? Bhí mé ag smaoineamh faoi O’Donoghue’s ar Rae Mhuirfean (Merrion Row), ach ní raibh mé riamh ann. An bhfuil áit eicínt níos fearr ann?

Advertisements

12 freagra ar “An seisiún is fearr i mBaile Átha Cliath

  1. Cuirfidh mé ceist ar mo mhac. Píobaire uilleann é.

  2. Deir Fionn go bhfuil O’Donoghues níos fearr ar Domhnach – go mbíonn a lán bailéid á chanadh ann.

    Molann sé an Cobblestone le haghaidh ceoil.

    http://www.cobblestonepub.ie/

  3. @Aonghus: Togha–bhreathnaigh mé ar an suíomh idirlín agus beidh an teach ósta sin go hiontach. Go raibh maith agat as an saineolas, a Aonghuis agus a mhac Aonghusa! Ceist: an bhfuil sé sábháilte siúl ó Smithfield go Cearnóg Parnell, nó an fearr heaicní a thógáil? Níl mórán aithne agam ar an gceantar sin . . .

  4. @Ciarán: An-smaoineamh–ní raibh mé riamh ann agus ba cheart dhom cuairt a thabhairt uirthi. An babhta seo, sílim go mbeidh sé níos fearr do na mic léinn fanacht i lár na cathrach.

  5. Ma choinníonn tú leis na príomhshráideanna ba cheart nach mbeadh fadhb ann. Thóg mé m’iníon aníos as na céanna oíche amháin (maidin?? 4 ar maidin) mar ní raibh go leor airgid aici fáil abhaile agus bhí na busanna oíche stopaithe. Bhí na céanna agus Sráid Uí Chonaill beo bríomhar agus glórmhar. Agus má tá an scaifte agaibh ann…

  6. Níl a fhios agam aon cheo faoin gcraic ná faoin gceol i mBÁC, a Lawrence, ach b’fhéidir go bhféadfainn aghaidh a thabhairt ar an áit, ach fíos a bheith agam cén dáta a bheadh i gceist? Ba dheas bualadh le blagálaí nó dhó arís, agus casadh le blagálaí nua, dá bhfeilfeadh na dátaí..:-)

  7. @Réaltán–GRMA as an gcomhairle; bheadh sé níos áisiúla siúl ar Shráid an Rí agus ansin Sráid Parnel de réir an mhapa, ach, má tá na bólaí sin ag breathnú uaigneach, tabharfaidh muid aghaidh ó dheas ar na céibheanna agus ansin suas Sráid Uí Chonaill.

  8. @Áine–Beidh muid in Éirinn ó 22 Bealtaine, agus tá súil agam dhul ag an seisiún ar an Satharn, 25 Bealtaine. Ar an drochuair, ós rud é go mbeidh mé i gceannas ar scata beag mac léinn, agus níor chuir mé an seisiún ar ár n-amchlár oifigiúil, ní féidir liom a bheith cinnte go n-éireoidh liom The Cobblestones a bhaint amach an oíche sin, cé go ndéanfaidh mé tréan-iarracht. Mar sin féin, beidh muid ag tabhairt aghaidh go cinnte ar Chlub an Ghóilín oíche Dé hAoine 24 Bealtaine (www.goilin.com), mar chuir mé sin ar liosta na n-imeachtaí oifigiúla. Tá an club tiomnaithe don amhránaíocht traidisiúnta i mBéarla agus i nGaeilge; ní raibh mé riamh ann, ach breathnaíonn an club bríomhar. Tosaíonn an club ag 9.30 san oíche, agus bheadh am agam roimhe le haghaidh pionta nó fiú’s béile–beidh muid ag teacht ar ais go Baile Átha Cliath thart ar 5.00 i.n. (ó chuairt ar Bhrú na Bóinne agus ar Theamhair!). Abair liom é dá mba mhaith leat castáil le chéile–b’fhéidir go mbeadh suim ag blagálaithe eile BhÁC freisin?

  9. Togha–seolfaidh mé amach ríomhphost an tseachtain seo chugainn le iarracht a dhéanamh rud eicínt a eagrú–feicim léirmheasanna maithe ar The Parnell Heritage Bar atá gar do láthair an Ghóilín. Tá seoladh ríomhphoist Áine agus Réaltán agam anois, agus sílim go bhfuil ríomhphost Aonghusa agam in áit eicínt–má tá sé sa gcathair, b’fhéidir go mbeidh suim aige nó ag baill eile an Chiorcail Díospóireachta i gcruinniú. Faoi láthair, tá mé báite faoi ualach na scrúduithe deiridh, ach cuirfidh mé díom iad faoin Máirt seo chugainn!

  10. Mo leithscéal as an dtost – rinne mé dearmad air cionn is nach raibh mé ag fail rphoist ar chúis éigin.

    Bheadh suim agam cinnte bualadh leat aonghusoh ag gmail.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s