Seacht gcranna an domhain

Nuair a bhíonns cúpla soicind saor agam (rud is annamh dom!), is maith liom a bheith ag léamh na scéalta béaloideasa agus seanchais. Cuireann sé iontas orm i gcónaí cé chomh saibhir is a bhíonns caint na seanchaithe go hiondúil. Ar ndóigh, bíonn neart focail iasachta ann, ach tá leaganacha cainte ann nach dtiocfadh go dtí mo bheola féin choíche, sílm. Nó, b’fhearr liom a rá nach dtiocfadh sular léigh mé an scéal. Bím ag déanamh iarracht i gcónaí mo chaint féin a shaibhriú mar ní chloiseann na gasúir Gaeilgeoirí ar bith eile ach mé féin.

Ar aon chaoi, bhí mé ag athléamh Bróga páipéir is stocaí bainne ramhair  le deireanas, scéalta a bhailigh Pádraig Breathnach ó Mhicheál Breathnach (Michael Patch), agus thug mé suntas don leagan cainte:

“ar sheacht gcranna an domhain”, a chiallaíonns de réir dealraimh sa gcomhthéacs: ar fud an domhain.

Ach níl mé cinnte céard iad na crainnte seo, go díreach, agus cén fáth a bhfuil an ceangal seo acu leis an domhan nó leis na treonna. Ní thugann Ó Dónaill nó Dinneen nó Google  aon chúnamh.

Is léir dom nach bhfaighfidh mé freagra ar sheacht gcranna an domhain!

Advertisements

6 fhreagra ar “Seacht gcranna an domhain

  1. Caith súil ar DIL freisin. Is féidir an chiall “polla” a bheith le crann – agus cúinne dá réir. Níl an nath úd agam, ach is minic an chiall “uile” a bheith leis an uimhir seacht.

  2. Sílim go bhfuil an ceart agat–rud eicínt ar nós polla atá i gceist. Ní fhaca mé an leagan cainte áit ar bith eile go fóill; b’fhéidir gur leagan cainte áitiúil atá ann?

  3. de réir seanscéalta giúdacha, tógadh an domhan ar sheacht gcolún nó sheacht bpiléar. Seo an rud atá i gceist anseo, seans. ‘tree of souls’ is ainm do leabhar le St. Louise Howard Schwartz.

  4. @réaltán–an-suimiúil!

  5. Níor chuala mise é, ná níor chuala an Dómhnallach.é, agus tógadh ise le Gaeilge, i gConamara.:-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s