Caint m’iníne

Cuirim spéis sna difríochtaí atá ann i nGaeilge mo pháistí. Tá an Ghaeilge is láidre ag an mac is sine, ach níl mé cinnte cén chúis atá leis sin: aois nó timpeallacht (ní raibh deartháireacha aige a chaitheadh an lá ag spalpadh Béarla leis!) . Ach is cuimhin liom gur mhúscail spéis mo mhic i labhairt na Gaeilge (seachas in éisteacht amháin) nuair a bhí sé thart ar 5 bl. d’aois agus déarfainn go bhuil m’iníon, atá a 5 anois, ag leanúint an phatrúin chéanna. Bíonn sí ag labhairt na Gaeilge níos minicí ná ariamh.

Sin ráite, tarraingíonn sí neart focail iasachta chuici féin, agus tá mírialtacht ann ó thaobh na bhfoirmeacha de. Seo sampla ón oíche eile, nuair a bhí muid ag caint faoin bhfiacail scaoilte atá ina béal, a bheas ag tititm amach go luath. Bhí sí ag smaoineamh faoi shióg na bhfiacla (nós nach gcleachtann muid iná dteaghlach féin), agus dúirt:

“Beidh Deaide ag tabhairt money do mise.”

Tá bunstruchtúr na habairte ceart go leor, ach níl sí ag baint úsáid as an bhforainm réamhfhoclach, agus, ar ndóigh, níl an focal “airgead” aici ina stór gníomhach focal, de réir dealraimh. Sin ráite, tá a cuid Gaeilge labhartha i bhad níos fearr ná mar a bhí fiú bliain ó shin. Tá mé ag ceapadh go dtreisíonn mionteanga gasúir dhátheangacha mar seo (a bhfuil an láimh in uachtar ag an mórtheanga, fiú sa muintir) agus iad ag dul in aois.

Advertisements

3 fhreagra ar “Caint m’iníne

  1. Is dóchá é.
    Dúirt m’iníon fhéin agus í thart ar 3 nó 4 “I want to schmeiss clocha in the uisce”
    Gnáth rud an macarónachas go dtí go mbíonn an stór focail tógtha, shamhlóinn.

  2. Sampla iontach den mhacarónachas luath!

  3. @ atá a 5 anois

    Tagann ciall le haois..;-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s