Cén cineál cainteora?

Chruthaigh an Giollagánach ranna áirithe cainteoirí Gaeilge agus é ag plé Ghaeilge Ráth Cairn. Níl fáil éasca agam ar Irish Journal of Anthropology faoi láthair, ach seo mar a chuir Paula Nic Cionnaith síos orthu i bhfoilseachán COGG:

Cainteoir Dúchais: Duine de bhunadh na Gaeltachta, a tógadh le Gaeilge i gceantar Gaeltachta.

Cainteoir Athdhúchais: Duine a tógadh le Gaeilge ag tuismitheoirí a d’fhoghlaim an Ghaeilge mar theanga bhreise.

Cainteoir Leathdhúchais: Duine a tógadh i gcomhthéacs measctha teanga. Is é an rud is minice a fheictear sa Ghaeltacht ná tuismitheoirí ar Gaeilgeoirí iad a shocraíonn ar Bhéarla a labhairt lena gclann. É sin nó teaghlach inar labhraíodh Béarla de bharr nach raibh Gaeilge ag tuismitheoir amháin. Sna cásanna seo, is iondúil go mbeadh roinnt Gaeilge le cloisint ó ghaolta agus sa phobal i gcoitinne. Déanann an cineál cainteora seo an Ghaeilge a shealbhú ar bhealach nach bhfuil ag brath ar an gcóras oideachais. Is cainteoir líofa Gaeilge é/í an cainteoir leathdhúchais.

Comhchainteoir: Duine a shealbhaigh an Ghaeilge taobh amuigh den teaghlach. Bheadh cumas ard Gaeilge ag an gcomhchainteoir agus ní bheadh an teanga ina bac air/uirthi páirt iomlán gníomhach a ghlacadh in imeachtaí an phobail. Is minic nach de bhunadh na Gaeltachta é/í an comhchainteoir.

Foghlaimeoir: Tá dhá shaghas foghlaimeora Gaeilge ann. Tá an foghlaimeoir bisiúil ann a n-éiríonn go maith leis an Ghaeilge a shealbhú mar gheall ar a chuid iarrachtaí pearsanta féin. Agus tá an foghlaimeoir neamhbhisiúil ann nach n-éiríonn go maith leis an Ghaeilge a shealbhú go hiomlán as a stuaim féin. Bíonn an foghlaimeoir seo ag brath ar ranganna agus cúnamh struchtúrtha eile chomh maith le tacaíocht ón bpobal chun cur lena chuid iarrachtaí foghlama.

Béarlóir: Duine a labhraíonn Béarla, atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus nach dtuigeann an Ghaeilge agus nach ndéanann iarracht í a fhoghlaim.

Ní raibh Ó Giollagáin ag trácht ar Ghaeilgeoirí taobh amuigh den Ghaeltacht, ar ndóigh, agus ní fheileann an téarmaíocht go hiomlán do mo chuid gasúir féin. B’fhéidir gur cainteoirí laga leath-dhúchais iad? Tá Gaeilge ón gcliabhán acu, ach tá an lámh in uachtar ag an mBéarla gan dabht, agus níl a dtuismitheoirí de bhunadh na Gaeltachta. Hmmm.

Advertisements

2 fhreagra ar “Cén cineál cainteora?

  1. Áit éigin idir athdhúchais (beidh na hinstinní acu) agus leath-dhúchais shamhlóinn. Fearacht scéim ar bith eile ní fheilfidh sé do gach duine; go háirithe nuair nach chuige sin a dearadh an scéim!

  2. Cainteoir leathdhúchais mise, atá de shíor ag foghlaim, tá súil agam..:-)

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s