Baill an chamáin

An bhfuil a fhios ag léitheoir ar bith an Ghaeilge cheart ar bhaill (nó codanna?) an chamáin. Ar ndóigh, is eol dom gur “bos” a thugtar ar an mbun ciorclach, ach an í “sáil” a thugtar ar an heel agus “ladhar” ar an toe. Agus céard a thugtar ar an hanla? Agus ar an bpíosa miotail sin ar an mbos?

Agus céard faoin sliotar–an bhfuil focal ar bith ar an ribín leathair sin a bhíonns windeáilte timpeall an tsliotair?

Déanfaidh mé iarracht póstaer a dhéanamh más féidir liom teacht ar na focla dúchasacha.

Aon chabhair?

6 fhreagra ar “Baill an chamáin

  1. Níl a fhios agamsa, ach táim cinnte go bhfuil an freagra sa leabhar mór a scríobh a Bráthar Ó Caithnia… N’fheadar cá bhfuil an leabhar sin.

  2. Go raibh maith agat faoin leide–ní raibh an leabhar sin ar eolas agam. Cé nach bhfuil an leabhar sa leabharlann seo againne, sílim go mbeidh muid in ann é a fháilt ar iasacht as leabharlann ollscoile eile. GRMA!

  3. ó Facebook – Gearóid Ó Laoi – Déarfainn cos an Ghaoluinn ar an hanla. Braitheann ainm an handle as Gaoluinn ar an gcrut atá air.. Rud fad caol, mar a bheadh ar scian nó ar fhíonghloine, sin cos.

  4. @ an bpíosa miotail sin ar an mbos

    Lata a dúradh liom.

    @ an bhfuil focal ar bith ar an ribín leathair sin

    Ceist curtha agam ar dhaoine éagsúla ach, más ann dó, ní bhfuair mé freagra na ceiste fós..:-)

  5. “Lata”–Togha; GRMA, a Áine. “Fonsa” a thuganns Ó Caithnia air (tá an leabhar thuas-luaite tagtha). Tugann sé “cos” ar an hanla freisin. Ní luann sé sáil, ladhar, nó an ribín leathair (uaim — “seam” ?)

Freagra