Teachín éan

Fuair mé spreagadh ó Neadió Teilifís Áine, agus chruthaigh mé teachín éan do na gasúir ag an deireadh seachtaine.  Féach an pictiúr thíos. Chuireas fuinneog istigh sa mballa cúil le go mbeidh na gasúir óga in ann gliúcaíocht isteach. Bhí sé ar intinn agam an teachín a chrochadh ar an bhfuinneog, ach cheap mé ansin nach meallfadh sé na héanacha dá ndéanfainn amhlaidh; mar sin, tá sé socraithe agam é a chrochadh i bhfogas do na biadáin (seo focal a chuala mé tráth i Maigh Eo, ach deir focal.ie gur “beathadán” é, so b’fhéidir nár chuala mé an focal i gceart!) chuig a dtagann na héanacha ina sluaite. Chuir mé comhla fuinneoige air mar sin, a bheas muid in ann oscailt nuair a sheiceálfas muid an teachín. Chuir mé an comhla leis i ndiaidh na pictiúir seo a thógáil. Tá súil a’m go ndéanfar nead istigh ann!

Tá an poll 1.25" ar leithead.

Tá an poll 1.25″ ar leithead.

Agus fuinneoigín!

Agus fuinneoigín!

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Teachín éan

  1. @Tá súil a’m go ndéanfar nead istigh ann!

    Mise freisin!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s