An Inid

Tá an Inid tagtha. Séasúr mór le haghaidh pósadh a bhí san Inid san ochtú haois déag—chuile dhuine ag iarraidh ceiliúradh na bainise a dhéanamh roimh thús an Charghais.

Ar nós focail áirithe eile creidimh, tagann Inid as an Laidin, as an bhfrása initium quadragesimaetús an Charghais”. Ar ndóigh, tagann carghas as an bhfocal sin quadragesima “daichead”.

 Ar aon chaoi, is áille go mór an t-ainm “Máirt Inide”, a bhfuil stair thábhachtach ag baint leis, ná “Lá na bPancóg” atá le feiceáil anseo is ansiúd na laetha seo. Ceileann “Lá na bPancóg” stair an cheiliúrtha, agus tá féilire traidisiúnta na hEorpa níos suaraí dá bharr. Tá súil agam nach dtosnófaí “Prezzies’ Day” a thabhairt ar “Christmas” amach anseo!

 Tá áit lárnach ag na pancóga, ar ndóigh, i gceiliúradh an lae. Bealach maith a bhí sna pancóga na comhábhair déiríochta a úsáid sula dtosódh an dúthroscasdh, nuair nach n-ithtí bia ar bith a tháinig as ainmhí talún.

 Tá daoine ar an nglúin óg a bhíonns i dtuilleamaí bosca ón ollmhargadh le pancóga a dhéanamh—rud an-aisteach ós rud é go bhfuil pancóga furasta le réiteach.

Is é an t-oideas traidisiúnta atá againn (curtha i bhfeiliúint don chócaireacht Mheiriceánach):

 Cupán plúir
Cupán bainne
Dhá ubh
Pinsín salainn

 Sin an méid! Is féidir spúnóigín siúcra a chur isteach freisin, ar ndóigh.

 Úsáid beagáinín im leis an bpeain a bhealú, cuir teas meánach-te faoin bhfriochtán, agus doirt ladar den oideas i lár an pheain. Iompaigh an phancóg thart nuair a thaganns bolgóidí ar an dromchla agus a thosaíonns an “leacht” ag breathnú beagáinín tirim.

 Scaiptear siúcra agus beagán sú líomóide ar an bpancóg bhruite. Blasta!

Advertisements

3 fhreagra ar “An Inid

  1. Is aoibhinn liom féin uachtar agus subh shútha talún ar mo phancóga, Dhiaum dhiaummmmmmm!

  2. Maith agat as sin, go háirithe an sanasaíocht nach raibh agam.
    Nílim féin ceanúil ar phancóga, ach tá an chuid eile den gclann mar sin ní san Inid amháin a bhíonn siad againn! Casadh ag mo bhean ar an oideas – roinnt uisce súilíneach aici ann.

  3. Caithfidh mé a adhmháil go gcuireann muid uachtar reoite agus anlann seacláide ar na pancóga scaití! Is maith liom an smaoineamh faoi uise súilíneach. Bainfidh mé triail as.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s