Siopadóireacht na Nollag

Tá mé ar thob ordú na Nollag a chur chuig an siopa leabhar. Is éard a bheas muid a cheannach ná an chuid eile den sár-sraith Bratach na gCnámh (a bhfuil an chéad leabhar Éalú as Páras againn; Leabhar Breac an foilsitheoir), agus an chuid eile den tsraith iontach Seachain ( a bhfuil an leabhar Ná Glac Páirt sna Cluichí Oilimpeacha againn; Futa Fata an foilsitheoir). Mholfainn an dá shraith do ghasúir idir a 5 agus b’fhéidr a 9.

Do ghasúir níos óige, mholfainn an tsraith faoi Cití Cailleach–bhain ár gclann sásamh mór astu ar fad.

Bainigí sult as an ullmhúchán don fhéile!

Advertisements

5 fhreagra ar “Siopadóireacht na Nollag

  1. An bhfuil Éalú as Páras feiliúnach don aois óg sin? Shíl mé gurbh do 8+ a bhí sé, bhíos chun fanacht tamaill eile.

  2. Braitheann sé ar an ngasúr, ar ndóigh. Bhain mo mhac 6 bliana d’aois an-sult as an leabhar, áfach, agus mise á léamh os ard an samhradh seo a d’imigh tharainn. Níor chuir m’iníon 4 bl. d’aois mórán spéis ann. Agus an mac a 7 anois, sílim go slogfaidh sé an chuid eile den tsraith go cíocrach (mise á léamh os ard i gcónaí). Dá mbeadh an gasúr a 9, cheapfainn go mbeadh an gasúr in ann an leabhar a léamh leis féin (ach níl a fhios a’m, níor shroich mo ghasúir an aois sin go fóillín). Roimh an aois sin, bheadh ar an tuismitheoir iad a léamh os ard, sílim.

    I mo thuairim féin, níl na haoiseanna molta ag na foilsitheoirí le trust. Deir an Gúm go bhfeileann _Cití Cailleach_ do 8+; déarfainn féin 2 – 6. B’fhéidir go bhfuil na foilsitheoirí ag cuimhneamh ar “léitheoirí neamhspleácha” seachas ar thuismitheoirí ag léamh na scéalta os ard? Nó b’fhéidir gur ar leanaí nach bhfuil Gaeilge acu ón teaghlach atá siad ag cuimhneamh?

  3. Nó b’fhéidir nach bhfuil siad ag cuimhneamh ar chor ar bith!

    Ach le Cití Cailleach is dócha gur léitheoirí neamhspleácha atá i gceist acu.
    Bíonn sé deacair uaireanta. Sílim go bhfuil “bandaí” acu agus critéir éigin.

  4. Ná dearud Smuf le hAlan Titley

  5. GRMA as an smaoineamh–beidh orm breathnú air an chéad uair eile in Éirinn.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s