Lá Fhéile Niocláis

Tá an séú lá de Mhí na Nollag tagtha cheana–Lá Fhéile Niocláis. Go hiondúil, cuireann na gasúir na bróga amach (agus nóta do Dheaide na Nollag istigh iontu),  an oíche roimhe seo agus líontar le milseáin iad. Ós rud é go bhfuil muid beagáinín gnoitheach faoi láthair (féach an phostáil roimpi seo!), níor éirigh liom an féasta a eagrú i gceart, so déanfaidh muid anocht é.

Seo aistriúchán de scéal San Nioclás a rinne mé anuraidh–tá sé feiliúnach do ghasúir óna 2 go dtí b’fhéidir a 10.

sceal san nioclas

Advertisements

4 fhreagra ar “Lá Fhéile Niocláis

  1. Go deas.
    An nós chéanna againne. Más buan mo chuimhne, nasc agaibhse freisin leis an nGearmáin?

  2. Níl nasc ar bith ag ár muintir leis an nGearmáin, ach tháinig an nós seo go Meiriceá leis na hinimircigh ón nGearmáin, ó áiteacha san Iodáil, srl. Scaip an nós i measc an chomhphobail Chaitlicigh i rith dheireadh na fichiú haoise, cé nach bhfuil an nós iontach forleathan, déarfainn.

  3. An mbíonn Zarte Piet agaibh thall?

  4. Níl Peadar Dubh againne, ach tagann Belsnickel go dtí na féilte cultúrtha Gearmánacha sna bólaí seo. Ní dóigh liom gurb ann dó taobh amuigh de na féilte sin, áfach (sin é, ní fheicfidh tú ag siúl síos sráid na cathrach mar a fheicfeas tú Santa Claus anseo nó a leithéidí sa nGearmáin).

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s