Facebook na Gaeilge

Mara bhfuil tú ceanglaithe le saol Gaelach Facebook, tá sé thar am agat an scéal sin a cheartú. Is furasta eolas a fháilt faoi shaol na Gaeilge agus a himeachtaí (go háirithe iad siúd ar siúl in Éirinn) má tá tú i do “chara” ag na heagraíochtaí cuí.

Is é ceann des na leathanaigh Facebook is taitneamhaí, dar liomsa, ná Foclóir Uí Dhónaill, leathanach a liostálann abairt shamplach as mór-fhoclóir na Nua-Ghaeilge chuile lá. Is minic a chastar dea-leagan cainte orm ansin. Má dhéanann tú “cara” den leathanach, cuirtear na habairtí seo le do shruth nuachta. Molaim é.

Seo nasc (tá súil a’m go n-oibreoidh sé):

http://www.facebook.com/FocloirUiDhonaill?fref=ts

Advertisements

3 fhreagra ar “Facebook na Gaeilge

  1. Bhain mé triail as FB bliain go leith ó shin. Is fuath liom é. Ach is maith liom Twitter. Tá neart Gaeilge le fáil ansin, idir chomhrá agus fhógraí. Bí linn ar Twitter! Is mise @KingDonncha1 ansin.

  2. Go raibh maith agat, a Lawrence. Ní raibh mé ar an eolas faoin nasc sin.

  3. Tá FB ar nós Bebo, agus na hardáin shóisialta eile – tá sé in ard a réime anois féin ach bogfaidh daoine chuig ardán eile le linn ama. Ní raibh mé ariamh in ann ag Twitter, caithfidh mé a admháil. Ró-ghiorraisc!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s