Scéiltí

Nuair a bhíonns na gasúir ag labhairt na Gaeilge, is minic a chumanns siad leaganacha focail nua agus iad ag úsáid an iolra. “Scéiltí” an leagan is deireannaí de “scéalta” a chualas ó bheola mo mhic 6 bl. d’aois. Sílim gur intuigthe an leagan é, agus glacaim le leagan ar bith atá sothuigthe agus sách Gaelach.

Nuair a deir sé, “Bhí sé ag climbáil an crann,” áfach, freagraím le “ag dreapadh” más “aimsir Ghaeilge” atá ann. Glacaim leis an tuiseal ainmneach  (an crann), áfach.

Bím sásta má sheachnaíonn siad na focail loma iasachta ar nós “climbáil”.

Advertisements

5 fhreagra ar “Scéiltí

  1. Má cheartaíonn tú píosa amháin den Ghaeilge atá mícheart ach le píosa eile san abairt atá go dona freisin ach ní bhacann tú é a cheartú, nach bhfuil dochar éigint a dhéanamh agat (ag duine ba chóir dom rá)

  2. An bhfuil dochar á dhéanamh? Ní dóigh liom é. Is furasta lag-mhisneach a chur ar pháistí, nó ar dhuine ar bith dháiríre. Má cheartaítear gach dara focal as béal gasúir nó mic léinn, tá seans go smaoineoidh an foghlaimeoir: “Níl mé in ann aige seo,” agus stopfaidh an foghlaimeoir ag déanamh fíor-iarrachta de thoradh ar an lag-mhisneach. Seo ceacht a fuair mé ó Stephen Brookfield, _Becoming a Critically Reflective Teacher_, agus ó Edmund Sprunger, _Helping Parents Practice_, agus bainim leas as an gceacht seo agus mé sa seomra ranga. Is é an bunphrionsabal ná neart molaidh agus beagáinín ceartúcháin. Thairis sin, bíonn an ceartúchán ag díriú ar ábhar ar leith–déantar iarracht cur leis an stór focal, nó déantar iarracht an ginideach a chur á úsáid, ach ní dhéantar an dá iarracht sin ag an am céanna. Luíonn an bunphrionsabal go maith leis an sean-fhocal “Mol an óige agus tiocfaidh sí.”
    Más cainteoir maith é an foghlaimeoir cheana, is féidir níos mó ceartúcháin a dhéanamh (mar tá níos lú le ceartú!).

  3. @ neart molaidh agus beagáinín ceartúcháin
    @ “Mol an óige agus tiocfaidh sí.”

    Aontaím!

  4. Ar léigh tú riamh leabhar úd Bhriain Uí Churnáin? “The Irish of Iorras Aithneach County Galway” atá mé a rá. Pléann sé go mion le déanamh na n-iolraí srl. maille le forbairt shochtheangeolaíochta na n-óg…

    • Léigheas–sárleabhar amach is amach. Ní cuimhin liom an méid a dúradh faoin iolra ar an drochuair, agus níl cóip den leabhar agamsa (agus tá an t-ábhar ró-chúng don leabharlann seo a’inne). Sin ráite, tá neart bealaí leis an iolra a dhéanamh, go háirithe má chuirtear na canúintí san áireamh. Cá bhfios–b’fhéidir go bhfuil teach in ascaill cnoic eicínt thart ar Thuar Mhic Éadaigh mar a ndeir an sean-lanúin “scéaltrachaí”!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s