Ealaíona dúchais

I láthair na huaire, tá mé ag iarraidh cúrsa taistil a eagrú. Beidh an cúrsa ag breathnú ar na healaíona dúchais in Éirinn, leithéidí sean-nós, saoirseacht bhád, srl. Beidh an cúrsa (má liostálann a dhóthain mic léinn leis an gcúrsa) lonnaithe i gCarna.

Ceann des na hábhair  a phléafas na mic léinn ná an Ghaeilge. Céard iad na leabhair a mholfadh sibh don ábhar seo? Níl na mic léinn ag goil ag foghlaim na teanga, ach ba mhaith liom go dtuigfidís tábhacht na teanga. Caithfidh an leabhar a bheith so-léite agus léannta (dhá rud nach minic i gcomhluadar a chéile). Tá tuairimí agam féin, ach ba mhaith liom bhur smaointe a chloisteáil má tá sibh sásta iad a dháileadh orm!

Advertisements

3 fhreagra ar “Ealaíona dúchais

  1. The Irish Language le Máirtín Ó Murchú. Tháinig sé amach sa bhliain 1985, agus ní dóigh liom go bhfuil sé i gcló fós. Ach más féidir leat cóip de a fháil agus fótachóipeanna daite de a dhéanamh, bheadh sé sin togha! An bhfaca tú riamh é? 75 leathanach ann, a lán léaráidí, lándaite. Ní fhaca mé aon rud inchurtha leis riamh.

  2. Ní fhacas ariamh é. Fuair an leabhar ard-mholadh ar amazon freisin: “Máirtín Ó Murchú has succeeded in putting in one small book all that a beginner needs to know about the history and the present of the Irish language. Even a trained linguist can benefit from this, not to mention people interested in learning the language and needing more motivation. I warmly recommend the book for anyone interested in Irish language, culture, sociolinguistics or minority language matters. It is not as thin as it looks on the outside. The scope is astonishing for such a small book, as well as the concise way in which Ó Murchú defines the social and sociolinguistic dilemmas faced by the Irish language movement today.” Gheobhaidh mé an leabhar ar iasacht idir-leabharlainne. GRMA as an eolas!

  3. Iontach! Abair liom má bhíonn fadhb agat leis an iasacht idirleabharlainne agus cuirfidh mé mo chóip féin chugat ar iasacht.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s