“Ag” san áit chontráilte

Tá mé ag léamh An Hobad do na gasúir mar chuid dá léitheoireacht oíche roimh am codlata–sár-aistriúchán atá ann, agus taithníonn sé go mór le mo mhac is sine, 6 bl. d’aois. Ar aon chaoi, cé gur sár-aistriúchán é, tá cúpla frása anseo is ansiúd nach dtaitníonn liom. Ar ndóigh, níl saoi gan locht agus ní lú tuairim ná daoine, srl.

Ar aon chaoi, faoi phictiúr álainn a bhuil Biolbó ag caint le Smóg ann, tá scríofa:

“Ag comhrá le Smóg”.

Now, i mo thuairim féin, tá sin mí-cheart mar níor cheart do “ag” a bheith san áit sin ós rud é nach bhfuil “tá” nó ag leithéid san abairt. Baintear leas as “ag” roimh an ainm briathartha má tá príomhbhriathar ar nós “tá”, a leithéid, nó príomh-bhriathartha áirithe eile san abairt. Mara bhfuil, ní ainm briathartha i ndáiríre atá ann, ach gnáth-ainmfhocal. Mar sin, b’fhearr a leanas:

“An comhrá le Smóg”

Tuairmí?

Advertisements

5 fhreagra ar ““Ag” san áit chontráilte

  1. Ní abairt iomlán atá i gceist. Tá “Bilbó” intuigthe san abairt. Thabharfadh “an” le fios nach raibh ach comhrá thábhachtach amháin i gceist.

  2. Fadhb ar bith agamsa leis an leagan sa leabhar. Dála an scéil, tá áthas orm gur fhan mé leis an aistriúchán seo leis an eachtra a léamh. Má tá rud ar bith ann a ghoill orm, is é ró-úsáid na haimsire gnáthchaite in áiteanna. Gaeilge shaibhir atá ann tríd síos, gan a bheith recherché ar nós Alan Titley.

  3. Thaithnigh An Hobad linn níos mó ná Éilís i dTír na nIontas, ach sílim go dtaitníonn The Hobbit liom níos mó ná Alice freisin. Níor réitigh “púca” mar ainm ar na goblins liom, áfach. Bhí orm a mhíniú do na gasúir nach raibh púcaí na hÉireann i gceist, ach cineál eile créatúir i ndáiríre.

  4. aontaím le hAonghus mar gheall ar an teanga. Agus nach ionann púca agus goblin. Caithfidh mé a rá, cuireann sé hliondar orm cluinstin faoi na páistí óg seo ag cur suime sa leabhar! Níor tháinig mé féin air go raibh mé 10 mbliain d’aois agus in ann a léamh domh féin.

  5. Is maith linn na scéalta fada a léamh le chéile mar chlann. Níl TV againn–sílim gob in é an fáth; níl an dara rogha againn!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s