Sos an tSamhraidh Críochnaithe & Tábhacht an Chomhluadair

Tá sos mór an tsamhraidh críochnaithe i gceart, ar ndóigh, agus mé sa tríú seachtain de ranganna cheana féin! Rinne muid cuairt bhreá ar Dordogne agus Lyon sula raibh orm féin filleadh go Pennsylvania agus seasamh os comhair na mac léinn.

D’fhan mo bhean chéile agus mo mhuirín i Sasana ar feadh trí seachtaine eile agus tá siad ag filleadh amárach. Bhí mé mar Oisín i ndiaidh na Féinne dá n-uireasa.

Gan mé san aon teach leo, áfach, ní raibh siad ag cloisteáil mórán Gaeilge agus tá mé cinnte go mbeidh beagán meirge ar a dteanga Ghaelach, cé go raibh muid ag Gaeilgeoireacht ar an fón. Ar ndóigh, airím féin brú an Bhéarla ormsa agus mé ag múineadh i mBéarla i rith an gan pháirtí comhrá Gaeilge agam tráthnóna.

Is fusa go mór an meon Gaelach a choinneáil ach cainteoirí Gaeilge a bheith i do thimpeall. Gan an comhluadar Gaeilge sin, sáitear isteach i mór-aigéan an Bhéarla mé. Tá mé ag tnúth le filleadh na clainne ar mórán bealaí–ceann acu, an spreagadh teanga a thugann siad dom.

Mar sin, má tá tusa ag aireachtáil go bhfuil an lámh in uachtar ag an mBéarla ort, bí cinnte comhluadar na Gaeilge a chur i do thimpeall!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s