Ó Chrann go Crann


Chonaic mé ar fichecluiche.blogspot.com go bhfuil físeán deas, déanta ag An tSnáthaid Mhór, le feiceáil ar youtube i láthair na huaire (Meitheamh 2012). Pictiúir bhreátha le hAndrew Whitson agus an scéal le Caitríona Hastings á léamh ag Mairéad Ní Mhaonaigh (as Altan). Beidh beagáinín cúnamh ag teastáil ó ghasúir nach í Gaeilge Thír Chonaill a gcanúint, cé go léitear an scéal go glan soiléir. Tá an leabhar féin Ó Chrann go Crann ar fáil go forleathan anois .

Advertisements

4 fhreagra ar “Ó Chrann go Crann

  1. Agus app don iPhad. Ach leagan don Android nó PC a bheith ar fáil …

    Breis eolais anseo: http://www.ocrhanngocrann.com/index-ire.html

    (Dála an scéil tá Dennis King ag lorg duine le Béarla Chaucer. Jab duitse? http://nimill.blogspot.co.uk/2012/06/teanga-chaucer.html)

  2. GRMA as an nasc. Cé go bhfuil mé sásta Béarla Chaucer a léamh, níl mé cinnte go leomhfainn peann a chur le pár sa teanga sin . . . 🙂

  3. Giota scríofa agam féin faoi cúpla mí ó shin, a chara, mar gur thaitin sé go mór liomsa, freisin..:-)

  4. Tá mé mall! Ní fhaca mé an píosa sin–is léir go dtógann sé cúpla mí orm fáil suas-chun-dáta!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s