Lá Bealtaine: tús an tsamhraidh

Hasty Pudding: milseog na coitiantachta ar Lá Bealtaine sa seachtú haois déag

B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag aimsir na hÉireann, ach is é an lá inniu, an chéad lá de Bhealtaine, tús traidisiúnta na tsamhraidh. Dúirt Sir Henry Piers sa mbliain 1682 go ndéantaí “hasty pudding” go hiondúil ar an lá seo.

Níl a fhios a’m beo an Ghaeilge cheart ar “hasty pudding” (b’fhéidir go gcabhróidh léitheoir liom), ach tá oideas agam ón bliain 1774 agus bainfidh mé triail as anocht. Féach an t-oideas thuas!

Advertisements

2 fhreagra ar “Lá Bealtaine: tús an tsamhraidh

  1. Leite leamhnachta nó leite chruithneachta a chuirfinn air a leithéid. Sa sean-am bhíodh cruithneacht mar bhia ag an uasaicme. Deir Senchus Már an méid seo faoin leite a fuair a gcuid páistí agus iad ar altram:

    Lite lemhnachta do macuib na righ ocus min cruithnechtai furru ocus mil dia tumu.

    dia tumu = dá tumadh = le blas a thabhairt di

  2. GRMA as an slioct suimiúil sin as an _Seanchas Mór_. Is ionann an bun-oideas sin agus oideas _Art of Cookery_, go deimhin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s