Príomhchathair na nGael?

Beidh mé i mBaile Átha Cliath go ceann seachtaine i mí Bhealtaine. Níl ach thart ar 10 lá caite a’m i bpríomhchathair na hÉireann roimhe seo, agus mothaím sách aineolach ar an gcathair. Tá cuid de na radharcanna turasóireachta feicthe a’m, ach ní fhaca mé riamh saol Gaeilge na cathrach. An bhfuil moltaí ag duine ar bith faoi na háiteacha ar cheart dom cuairt a thabhairt orthu agus suim agam sa nGaeilge?

Advertisements

2 fhreagra ar “Príomhchathair na nGael?

  1. Má bhíonn an ciorcal ar siúil beidh fáilte romhat:
    http://www.facebook.com/anciorcal
    Bhí sé ar siúl aréir, mar sin i gceann coicíse arís 8ú & 22ú Bealtaine.

    Siopa & Club Chonradh na Gaeilge seachas sin, agus ar an Aoine an Ionad Buail Isteach http://www.ionad.org

    Ach ní príomhchathair na nGael Dubhlinn, faraor! Muid scaipthe ar nós na mionéin ann.

  2. GRMA, a Aonghuis. Seans go mbeidh mé in ann freastal ar an gciorcal díospóireachta ar an ochtú lá. Beidh mé ag obair i gcartlann UCD roimhe sin, so chuile sheans go mbeidh mé mall. Tá siopa an Chonartha ar an liosta, ar ndóigh! Agus tá sé ar intinn agam freastal ar dhráma in Amharclann na Mainistreach (cé nach bhfuil stair ró-Ghaelach ag an amharclann sin) oíche eicínt.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s