Máirt Inide

Tá áthas orm an deis a thapú le bheith ag scríobh arís ar an mblag bocht seo againne th’éis saoire na Nollag agus an dian-sceideal múinteoireachta a chuireas isteach i Mí Eanáir (tá téarma amháin dian-staidéar amháin againn ag an ollscoil seo–cúrsa trí mhí a mhúintear i rith trí seachtaine!)

Tá sé do-chreidte go bhfuil an Inid buailte linn arís, áfach. Ní raibh an seans agam machnamh ceart a dhéanamh ar cén rud a mbeidh mé ag staonadh uaidh i mbliana. B’fhéidir gur cheart dom staonadh ó abairtí iomlána Béarla sa mbaile?

Ar aon chaoi, inniu lá na bpancóg agus bainfidh na gasúir taitneamh mór as na cácaí seo furasta-le-déanamh. Nach maith an rud é go mbaineann gasúir óga taitneamh as na rudaí beaga! Beidh mascanna orthu freisin, ar ndóigh–meascann muid traidisiúin na hÉireann agus traidisiúin Mardi Gras / Carnevale le chéile sa mbaile. Le cúnamh Dé, réiteoidh mé fasnachtaí freisin, b’fhéidir ar an Domhnach seo chugainn. Ní cuid den Charghas iad na Domhnaigh! Is taoschnónna le cruithneacht agus fataí iad na fastnachtaí a dhéantar sna ceantracha Gearmánacha ar fud Pennsylvania. Ní blasta go dtí iad!

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s