Inscne

Agus muid inár gcónaí i gceantar réasúnta iargúlta i Meiriceá, tá an chlann i dtuilleamaí mo chuid Gaeilge féin nach mór go hiomlán. Dá bharr sin, bím ag síor-iarraidh feabhas beag a chur ar mo Ghaeilge. Déanaim iarracht gnáth-Ghaeilge a labhairt (seachas an caighdeán oifigiúil), agus tá mé sásta glacadh le bás mall an ghinidigh, mar shampla, sa teanga labhartha. Níl mé ag iarraidh go mbeadh mo chuid Gaeilge ar nós leabhar gramadaí.

 Ós rud é nár tógadh leis an nGaeilge mé féin, áfach, bíonn deacrachtaí agam le gnéithe áirithe nádúrtha den teanga. Faoi láthair, tá mé ag iarraidh cloí le hinsce cheart na bhfocal.

 Ní ar shéimhiú th’éis an ailt, nó rudaí mar sin, atá mé ag caint—tarlaíonn sé sin go réasúnta nádúrtha i mo chás féin. Agus tá mé sásta glacadh le focail a mbíonn an dá inscne acu (is minic a bhíonns bialann firinscneach sa gcaint, mar shampla).

 Ach is deacair dom í agus a úsáid nuair a bhím a tagairt do rudaí neamhbheo. Is túisce a déarfainn go hiondúil le duine de na gasúir óga “An bhfeiceann tú an chloch ghlas? An dtaitníonn sé leat?”, nuair is é an focal an forainm ceart, go deimhin.

 Ar ndóigh, tá sé ag dul deacair dom an plean seo a chur i gcrích go huile is go hiomlán, le chuile fhocal baninscneach, so, tá mé ag tabhairt coiscéimeanna beaga—rud mór a bhriseadh ina phíosaí beaga.

 Faoi láthair, tá mé ag cur béim ar na baill éadaigh ar nós léine agus bróg, e.g. “An gcuirfidh tú an léine seo ort? Is í is fearr leat de ghnáth” nó “Cá bhfuil an bhróg eile? Cár imigh sí.”

 Nuair a dhéantar rud beag de rud mór, is fusa an fócas riachtanach a choinneáil.

 I gcás na n-éadaí, is féidir liom béim a chur ar an inscne ag tús an lae agus an sampla ceart a thaispeáint le moch na maidine.

 An bhfuil scéal ag duine ar bith eile faoin inscne agus faoina deacrachtaí?

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Inscne

  1. Seachnaítear an ‘í’ aisteach sin go minic. Bliain iontach a bhí ann’ a deirtear níos minice ná inti cé go mbeadh fhios ag an duine go bhfuil sí baininscnch. Má bhíonn sé ciotach ní úsáidtearan fhoirm bhain ach deirtear é nó sé de réir mo thaithí féin

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s