Riail na Gaeilge

Is í an fhadhb is coitianta i mbealach tuismitheoirí Gaeilge ná caint Bhéarla ó na gasúir. Féadann an t-iompar teangan seo frustrachas a chur ar dhuine ar bith: tá tú ag inseacht scéal don chlann agus cuirfidh duine acu ceist Bhéarla ort i dtaobh eachtra eicínt sa scéal Gaeilge.

 Ar ndóigh, níl aon locht ar an bpáiste. Níl an páiste ach ag úsáid na teanga is fusa a thaganns ag a bhéal. Tá an páiste ag iarraidh cumarsáid scioptha a dhéanamh agus, más é an Béarla an teanga is láidre, rachaidh an páiste i dtuilleamaí an Bhéarla le cumarsáid scioptha a dhéanamh.

 Go deimhin, níl locht ar dhuine ar bith sa gcomhthéacs seo—is rud nádúrtha é iompó ar an teanga is láidre.

 Mar sin féin, mara gcleachtar an teanga is laige, ní éireoidh sí pioc níos láidre. Mar sin, caithfear an leanbh a chur ag Gaeilgeoireacht ar bhealach eicínt.

 Chonaic mé liosta tamall ó shin faoi na bealaí ar féidir le tuismitheoir déileáil le leanbh a fhreagraíonns sa teanga ‘mhícheart’. Bhí an liosta leagtha amach ó thaobh righneas. Ar thaobh amháin, bhí tuismitheoirí a dhiúltaíonns teanga ar bith ach an teanga ‘cheart’ a thuiscint: an-righin. Ar an taobh eile, bhí tuismitheoirí a ghlacanns le freagra i dteanga ar bith: an-bhog. Sa lár, bhí tuismitheoirí a aistríonns abairt an linbh go dtí an teanga cheart sula bhfreagraíonn siad.

 Ní dóigh liom go bhfuil bealach amháin ceart idir na roghanna sin sa liosta. Déanaim féin iarracht abairtí Béarla na ngasúr a aistriú go Gaeilge, ach amanta bíonn an comhrá ró-bhríomhar agus ró-shuimiúil, agus ní bhím ag iarraidh sos a chur ann le haistrúchán. Mar sin féin, bíonn leathuair a chloig ann go hiondúil nuair a dhiúltaím teanga ar bith ach an Ghaeilge a thuiscint.

 Tá mé ag ceapadh go mbeadh Gaeilge labhartha na ngasúr níos fearr dá ndiúltóinn an Béarla a thuiscint amach is amach, ach níl ionam faoi láthair a leithéid a dhéanamh. Ba mhaith liom an leathuair de Ghaeilge amháin a mhéadú go huair iomlán a chloig, áfach.

An bhfuil taithí ag duine ar bith eile ar na rudaí seo? Roinn do thaithí linn!

Advertisements

3 fhreagra ar “Riail na Gaeilge

  1. Bímse idir na dtrí comhairle úd freisin! Ach sílim nár cheart bheith ró righin., I mo thaithí, is gá do na páistí *páistí* eile a chlos ag labhairt sa mhion teanga. Tá athrú mhór ar iompar teanga m’iníon ó thosaigh sí ar Ghaelscoil, toisc go gcloiseann sí nach rud do dhaoine fásta amháin an Ghaeilge! Bhí sé mar an gcéanna leis na buachaillí – bhí muid thar lear an t-am úd, agus Gearmáinis ar fad a labhair siad liom go dtí gur chaith muid saoire ar Inis Oírr agus gur chuala siad páistí ag Gaeilgeoireacht.

    Tá sé deacair diúltú Béarla a thuiscint, mar chloisfidh siad tú ag labhairt Béarla le daoine eile. Agus tá amhras orm faoi éifeacht athrá lom.

  2. Chuaigh mé féin an bealach láir le mo pháistí féin – ‘sé sin, d’aistrigh mé an méid a dúirt siad i mBéarla go Gaeilge sular thug mé freagra i nGaeilge.
    Níl páistí bómánta. Tuigeann siad gurb é an Béarla an mhórtheanga sa tír seo agus gurb í an Ghaeilge teanga an teallaigh (sa chás s’againne). Rachaidh siad ó B go G go minic ina saol de réir mar a fheiceann siad gá.

    Bíodh muinín agat astu.

    Chaith mo mhuintir féin go leor ama sna déaga gan aon mheas ar Ghaeilge mar nach raibh sí ‘cool’ ach a mhalairt de scéal atá ann anois. Filleann siad ar an dúchas i ndeireadh na dála!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s