Capaill seachas Séabraí

Is cliché ó shaol an chórais leighis gur cheart do dhochtúirí a bheith ag lorg capaill seachas séabraí, sin é, is dóiche go bhfuil galar coitianta ar dhuine seachas galar neamhghnách.

 Tá iompar teanga mar sin freisin. Má tá rud eicínt ag teipeadh, is dócha nach bhfuil cúis aisteach áiféiseach leis. Níl an Ghaeilge ná an dátheangachas ródheacair do do leanbh (tá dhá theanga ag móramh phobal an domhain, th’éis an tsaoil); níl do leanbh dúr ná ceanndána. Chuile sheans go bhfuil do leanbh ar nós chuile leanbh eile agus go bhfuil gnáth-údar leis an deacracht teanga.

 I gcás na dteangacha, déanann an cleachtadh máistreacht. Nó, mar a dúirt Shinichi Suzuki é: “Learning is repetition.” I gcás mionteanga, is í an fhadhb is coitianta ná easpa ama caite ag an leanbh i gcomhthéacs na mionteanga.

 Mara bhfuil sé de nós ag do ghasúr an Ghaeilge a labhairt, beidh sé deacair ag an leanbh an Ghaeilge a labhairt. An leigheas ar an scéal? Cuir níos mó am in áirithe don Ghaeilge amháin.

 Mara bhfuil urú agus séimhiú ag an leanbh, caith beagáinín am ag caint faoi ábhar a bhfuil urú nó séimhiú riachtanach, e.g. an aimsir chaite le séimhiú a chleachtadh.

 Ní gá a rá leis an ngasúr go bhfuil sibh ag cleachtadh rud eicínt—níl tú ag iarraidh “obair” a dhéanamh de. Má chuirtear an t-am isteach ag plé leis an ábhar sin, tiocfaidh máistreacht as a stuaim féin.

 

 

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s