“Timpeall an Domhain: Naíonáin Shinsearacha”: Léirmheas

Scór: 8/10 Leabhar oibre a chabhrós leis na leanaí a chur ag Gaeilgeoireacht.

 Feiliúnach: 4 bliana agus níos sine. Caithfidh an leanbh a bheith in ann treoracha simplí a leanúint.

Foilsithe: Folens, 2007
Leathanaigh: 80
Praghas: c. 7 euro

 Leabhar oibre is ea é Timpeall an Domhain: Naíonáin Shinsearacha a dhéanann freastal ar an gcuraclam OSIE/OSPS. Sin é, déanann sé staidéar ar an domhan mór inár dtimpeall agus ar a stair. Más tuismitheoir thú, ar mo nós féin, nach bhfuil a ghasúir in Éirinn, níl tábhacht ar bith leis na lipéid OSIE/OSPS, ach tá tábhacht leis an ábhar mar sin féin.

Sa leabhar, tá gníomh simplí le déanamh ar gach leathanach a spreagann an leanbh chun smaointeoireachta faoin saol ina thimpeall. Ar leathanach amháin, mar shampla, beidh ar a leanbh ciorcal dathanna a dhathú, agus tá seans plé a dhéanamh ar na bundathanna agus an chaoi le dathanna eile a chruthú. Ar leathanach eile, spreagtar an leanbh chun cuairt a thabhairt ar gach seomra sa teach agus cur síos ar na fuaimeanna a chloistear sna seomraí éagsúla.

 

Tugann na gníomhartha seo deis mhaith do na gasúir a bheith ag caint faoi ábhair choitianta thábhachtacha trí mheán na Gaeilge. Cuireann gach ceacht le cumas labhartha an linbh. Tá na gníomhartha simplí agus leagtha amach go soiléir—ní gá ábhar eile a chur i dtoll a chéile roimh ré. Dá bharr sin, is féidir an leabhar a phiocadh aníos agus tús a chur leis an ngníomh ar an bpointe.

 

Mar sin, is furasta an rud é gníomhartha an leabhair a úsáid leis na leanaí a spreagadh cun caint shaibhir na Gaeilge. Mholfainn an leabhar do theaghlach ar bith a bhfuil tuilleadh spreagadh sa nGaeilge ag teastáil.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s