Códmhalartú agus Obair bhaile

Is é “códmhalartú” an focal teicniúil ar an athrú teanga a tharlaíonns go nádúrtha agus tú ag caint ar ábhair áirithe nó i gcomhthéacsanna áirithe.  Mar shampla, ní labhraíonn tú Gaeilge le daoine gan Gaeilge–malartaíonn an comhluadar an teanga.

Ach tagann malairt chóid fiú nuair a bhítear ag Gaeilgeoireacht. Mar shampla, bhíos leis na leanaí ag campáil le deireanas, agus bhi muid ag iascaireacht. Ós rud é nach ndearna mé cleachtadh ar an iascaireacht i nGaeilge riamh, níl na téarmaí cuí ar eolas a’m, agus bhí orm dul i dtuilleamaí na bhfocal Béarla amháin. Sa deireadh thiar thall, is Béarla le corrfhocail Ghaeilge a bhí muid a labhairt seachas an patrún is fearr liom–Gaeilge agus corrfhocal Béarla.

Leis an gcódmhalartú seo a sheachaint, is léir dom go gcaithfear an obair bhaile a dhéanamh i gceart. Caithfidh mé na focail ar “reel” srl. a fhoghlaim agus a chleachtadh le go dtiocfaidh siad ag mo bhéal agus sceitimíní orainn mar tá an leanbh is lú th’éis bluegill mór a mhealladh go dtí an líne!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s