Tuigeann siad, ach ní labhraíonn siad—cuid a haon

I measc neart teaghlaigh dhátheangacha, is minic a thuigeann na gasúir an dara teanga cé nach labhraíonn siad í. Is féidir leis an bpatrún seo teanga imní agus buairt a chur ar thuismitheoirí.

Ba cheart, áfach, go mbeadh ríméad ar na tuismitheoirí go bhfuil na gasúir in ann an dara teanga a thuiscint! Go háirithe i gcás teaghlaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, is léir gur gaisce atá déanta ag na gasúir. Breathnaigh ar na comharsain bhéal dorais—an dtuigeann siad Gaeilge? Ní thuigeann. Ach tuigeann bhur gcuid gasúr féin an Ghaeilge mar thoradh ar an dea-obair atá déanta agat féin agus tú ag síorlabhairt na Gaeilge leo.

Is scil tabháchtach luachmhar é an dara teanga a thuiscint, agus tá an tseoid luachmhar sin tugtha agat do do chlann mar bhronntanas. Má leanann tú ort ag labhairt na Gaeilge leo, ní chaillfidh siad an scil ríluachmhar sin go deo. Maith thú!

Ná bíodh buairt agus brón ort toisc nach bhfuil na gasúir ag labhairt na Gaeilge; bí bródúil mar go dtuigeann siad an Ghaeilge ón gcliabhán.

Tuilleadh faoin scéal seo an tseachtain seo chugainn.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s