“Bilingual Children: Guidance for the Family” le George Saunders: Léirmheas

Déanann George Saunders cur síos ar a chlann féin dhátheangach sa leabhar clúiteach Bilingual Children: Guidance for the Family (c. 1983, ach ní thugtar dáta sa leabhar féin). Tá buneolas i dtaobh an dátheangachais sa leabhar, ach líontar an méid is mó den leabhar le tras-scríbhinn ar chomhráite idir an t-athair agus na buachaillí. Cé go bhfuil an tras-scríbhinn seo ag cur le príomhphointí na gcaibidlí, ní dóigh liom go gcuirfidh gnáthléitheoirí mórán suim sna tras-scríbhinní seo marar spéis leo an Ghearmáinis.

 Is fíor go bpléann na caibidlí ábhar tábhachtach ó thaobh an dátheangachais de, m.sh. tionchar daoine aonteangacha, litearthacht sa dá theanga, léargas na ngasúr féin ar an dátheangachas, bunphrionsabail an mhodha “duine amháin, teanga amháin”, ach tá leabhair eile ar an bhfód anois a chuirfeas an t-eolas seo ar fáil ar bhealach is éifeachtaí. Mar shampla, ní phléann Saunders cén chaoi leis na leanaí a choinneáil ag labhairt na mionteanga má chlaonann siad go mór i dtreo mhór-theanga na tíre, rud atá sách coitianta i measc teaghlaigh dhátheangacha. Ina leaba sin, cheapfaí ó chuntas Saunders nach raibh an claonadh sin riamh ar a chuidsean buachaillí ach ar feadh tréimhse ghearr ama—roinnt míonna. Ní luann Saunders gur chuir sé iachall ar bith ar na gasúir an Ghearmáinis a labhairt leis, ach chuir de réir cosúlachta ón méid atá tras-scríofa aige in áiteacha eile sa leabhar (nuair a deir sé “was?” leis na gasúir agus iad ag spalpadh Béarla).

 Más spéis leat an Ghearmáinis, taitneoidh an leabhar seo leat. Má tá tú ag cuartú tuilleadh eolais faoin dátheangachas, tá leabhair is fearr ar fáil.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s