Leabharlann Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

Is teaghlach leabharlainne muid. Tugann muid cuairt mhinic ar an leabharlann le leabhair nua a thógáil amach do na gasúir agus dúinn féin. Buíochas le Dia, tá fáil againn ar leabharlann mhaith phoiblí atá leathmhíle síos an bóthar uainn, agus tá fáil againn ar leabharlann an choláiste freisin. Ó thaobh na leabhar Béarla de, tá muid in ann lámh a leagan ar nach mór chuile leabhar atá uainn, saor in aisce (cé go gcaithfear fanacht amanta nó go dtiocfaidh an leabhar ar ais go dtí an leabharlann!).

 Ó thaobh na leabhar Gaeilge de, áfach, tá muid inár gcónaí i bhfásach uafásach. Tá mé in ann teacht ar chorrleabhar trí leabharlann an choláiste, ach níl an rogha sásúil, ar ndóigh. Dá bharr, is gá na leabhair a cheannach.

 Agus cosnaíonn sin airgead.

 Tá mé toilteanach íoc as leabhair—caithfidh muid tacú leis an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge gan dabht. Ach níl mo vallait ramhar, faraor géar—agus tá sí ag éirí níos tanaí de réir an lae agus cosc ar ardaithe pá sa gcoláiste don dara babhta ar feadh trí bliana. Mar thoradh air sin, ní éiríonn linn ach thart ar dhá leabhar déag a cheannach do na leanaí chuile bhliain.

 Dhá leabhar déag. Sin líon na leabhar Béarla a léann na leanaí (nó a léitear dóibh) i rith seachtaine (cé gur athléamh go minic a bhíonns i gceist).

 I rith bliana, mar sin, léitear thart ar 200 leabhar nua Béarla (buille faoi thuairim amháin é seo), agus thart ar 12 leabhar nua Gaeilge.

 An aon iontas é go bhfuil cumas Béarla na leanaí níos airde ná a gcumas Gaeilge?

 Bheadh leabharlann Ghaeilge phoist lonnaithe i Meiriceá an-áisiúil.

 Le leabharlann phoist, chosnódh sé thart ar $6.00 pacáiste beag leabhar a sheoladh go teach cónaithe i Meiriceá agus ar ais go dtí an leabharlann. Mar sin, chosnódh pacáiste beag leabhar, á sheachadadh gach mí, thart ar $72.00 don bhliain. Sin i bhfad níos lú ná leath an chostais a bhainfeas leis na leabhair a cheannach ó Éirinn.

 Ar ndóigh, bheadh costaisí breise riaracháin i gceist, ach tá seans ann i gcónaí go bhfaighfí deontas?

 Má tá suim ag aon duine i scéim seo Leabharlann Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh, gabh i dteagmháil liom!

 Ní neart go cur le chéile.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s