Canúint agus Caighdeán

Phléigh muid ceist na bhfocal iasachta le deireanas (féach anseo) ach cuireann mion-chanúintí Gaeltachta ceist ghaolmhar leis seo ar thuismitheoirí. Má chloíonn leanbh go docht le mion-chanúint, tá seans ann nach dtuigfidh sé canúintí eile agus nach dtuigfear é féin. Ach, mara bhfoghlaimíonn an leanbh mion-chanúint, beidh cuid de shaibhreas na Gaeilge ag imeacht.

Cuir i gcás ail-chuach,  an focal atá ag Gaeilge Árann ar laghairt. Ní thuigtear san oileán focail eile ar nós alp-luachra (agus chuile sheans nach dtuigfí laghairt ach oiread). An ceart ail-chuach a úsáid? Ar Árainn féin, déarfainn gur cheart, ach ba aisteach an rogha é ag duine nár tógadh in Árainn mar ní thuigfear ail-chuach in áit ar bith eile agus tá focail is mó a dtuiscint le fáil i nGaeilge.

Ar ndóigh, níl caighdeán labhartha ann don Ghaeilge agus caithfidh chuile dhuine dá bharr cloí le canúint amháin, nó le meascán canúintí ar a laghad. Dá bharr sin, freisin, beidh deacrachtaí tuisceana ó am go chéile i measc cainteoirí nach bhfuil an chanúint chéanna acu. Is cuimhin liom féin uair amháin, agus mé ag caint le hollamh a raibh blas láidir Ultach ar a chuid Gaeilge, ar cheap mé go raibh a ollscoil féin ag tairiscint dochtúireacht i gcúrsaí grá!  Ar ndóigh, cúrsaí gnó a bhí i gceist, agus thuigeas sin th’éis nóiméad.

Is mór is fiú, mar sin, go mbeadh tuiscint ag leanaí ar na difríochtaí atá ann idir a gcanúint féin agus na mór-chanúintí eile. Tiocfaidh an tuiscint seo de réir a cheile ach éagsúlacht meáin chlóite agus chraolta a chur faoi bhráid na bpáistí agus aon mhíniú riachtanach a dhéanamh. Nuair a thuigeann na páistí na difríochtaí móra, beidh siad in ann a gcanúint féin a shoiléiriú do dhaoine eile a bhfuil canúint dhifriúil acu. Mar shampla, is féidir leis an gConnachtach /to:n’/ in áit /tu:n’/ a rá mara bhfuil an tUltach á thuiscint, agus féadann an cainteoir Chois Farraige /t’ihǝ/ a rá in áit /ti:/ mara n-éiríonn leis an gcainteoir eile an focal sin a thuiscint. Ar ndóigh, is mar seo a labhrann muid an Béarla–ní iarrfaidh tú courgette ar an ngrósaera i Meiriceá!

A léitheoir, céard a mheas tú féin faoi na mion-chanúintí is na deacrachtaí a bhaineann leo? An ceart riamh mion-chanúint a mhaolú le comhrá a éascú le daoine a bhfuil canúint eile acu?

Advertisements

1 fhreagra amháin ar “Canúint agus Caighdeán

  1. Cloí le canúint áirid, ach taithí is tuiscint a bheith agat ar chuile chanúint…

    Fear a casadh orm ar an gCeathrú Rua, dúirt sé liom gur chaith sé tréimhse i nDún na nGall ach nar chuir sé fhéin aon athrú ar a chuid Gaeilge seisean, cé go raibh taithí aige ar chanúint na háite…

    Tá mé fhéin in mo chónaí i nDetroit Mheiriceá, mar shompla, agus cé go bhfuil tuiscint mhaith agam ar chanúint mhuintir na cathrach istigh, is dócha nach labhróinn fhéin African American Vernacular English le duine de lucht a labhartha sin a chasfaí orm…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s