Seanchas: An fáth go bhfuil olann ar an gcaora agus fíonnadh ar an ngabhar

Seo píosa seanchais a bhailigh Máire Ní Bhriain, Loch Conaortha, mar chuid de Scéim na Scoileanna 1938 (féach http://hdl.handle.net/10151/OB_2000543_IF).  Cuireanna an scéal síos ar an bhfáth gur thug Íosa an olann do na caoirigh. Cuirim féin an-spéis sa mbéaloideas, agus sílim gur bealamch maith é an béaloideas le teanga na ngasúr a shaibhriú.

Sa scéal seo, tá focail áirithe nach dtuigfeadh leanaí óga, b’fhéidir, ag brath ar a gcanúint, agus féadtar na focail sin a mhíniú roimh ré, m.sh.

fíonnadh, .i. fionnadh nó clúmh ainmhí; is é fíonnach atá air i measc sheanóirí na bhForbacha, ach scríobhadh fionnadh go soiléir sa lámhscríbhinn seo ar as ceantar Chill Chiaráin di.

méileach, .i. an glaoch a dhéanann caoirigh, gabhair, srl.

ag cangailt a círe, .i. ag ithe an aisig, mar a dhéanann beithigh, caoirigh, agus gabhair.

cé raibh = cá raibh

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s