Dátheangach nó comhtheangach? An “Balanced bilingual”

Is iomaí brí atá ag an bhfocal “dátheangach”. Is féidir leis an bhfocal tagairt do dhaoine a bhfuil tuiscint na teanga labhartha acu ach nach bhfuil in ann í a labhairt, mar shampla, nó is féidir leis an bhfocal tagairt do dhaoine atá ar comhchumas sa dá theanga.

Chuile sheans gur mhaith linn go léir go mbeadh an dá theanga chomh líofa lena chéile ag an bpáiste, ach is cumas fíorannamh é sin. An chuid is mó de na daoine dátheangacha, tá teanga amháin níos láidre ná an teanga eile.  “Equilingual” nó comhtheangach a thugtar ar dhaoine a bhfuil an cumas ceannan céanna acu sa dá theanga, ach ní cumas comónta é an comhtheangachas sin.

Cé  gur annamh é an comhthehangachas, is féidir dhá theanga a bheith go líofa ar thoil duine nach bhfuil comhtheangach mar sin féin. Daoine a bhfuil dhá theanga líofa acu (cé go bhfuil teanga amháin níos láidre ó thaobh saibhris de), tugtar “balanced bilinguals” nó daoine an dá theanga líofa orthu.

Agus muid ag plé le páistí, is é an sprioc ar cheart a chur romhainn ná go mbainfidh na páistí amach an dátheangachas cothromaithe seo. Chuile sheans go mbeidh ceann des na teangacha níos láidre–is rud nádúrtha é sin–ach is féidir leis an leanbh líofacht a bhaint amach sa dá theanga gan dabht.

Sa lá atá inniu ann, agus na meáin Bhéarla chuile áit, chuile sheans go n-éireoidh an Béarla níos láidre ná an Ghaeilge. Dá bharr sin, is gá cúnamh breise a thabhairt don Ghaeilge le go sroichfidh an leanbh ard-líofacht shaibhir sa nGaeilge.

Is féidir measúnú a dhéamamh ar scileanna teanga leanaí an-óg leis na leibhéil theangeolaíochta a pléadh anseo. Má tá an Ghaeilge go maith chun deiridh ar an mBéarla ó thaobh na leibhéal de, smaoinigh faoi iarracht a dhéanamh dlús a chur le timpeallacht Ghaeilge an linbh le go bhfanfaidh líofacht sa dá theanga ag an leanbh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s