Cén leibhéal teanga atá sroichte ag an ngasúr?

Baineann teangeolaithe feidhm as sé “staid” teangan le leibhéil líofachta leanaí óga a rangú. Cuir i gcás na leibhéil a chuir Crystal síos orthu in Child Language (1976):

Leibhéal 1: Focail aonair (á n-úsáid de ghnáth thart ar 18 mí)
Leibhéal 2: Dhá fhocal le chéile (á n-úsáid de ghnáth thart ar 18-24 mí)
Leibhéal 3: Trí fhocal le chéile (á n-úsáid de ghnáth thart ar 24-30 mí)
Leibhéal 4: Ceithre fhocal le chéile; abairtí iomlána simplí (á n-úsáid de ghnáth thart ar 36 mí)
Leibhéal 5: Abairtí casta a bhfuil níos mó ná clásal amháin iontu (á n-úsáid de ghnáth thart ar 42 mí)
Leibhéal 6: Teanga chasta cheart (á n-úsáid de ghnáth thart ar 48 mí)

Nuair a bhíonn dhá theanga ag leanaí, áfach, is minic a bhainfidh siad amach leibhéal is airde ina bpríomh-theanga sula mbainfidh siad amach an leibhéal sin sa dara teanga, de réir an staidéir a rinne Jean Lyon (Becoming Bilingual 1996).

Chuir Lyon an cheist: an gá don intinn teanga amháin a shealbhú go maith, ag leibhéal feiliúnach don aois sin, sula dtabharfaidh an intinn faoin teanga eile a shealbhú ag an leibhéal sin?

Chuile sheans gur gá. De réir taighde eile, a rinne Cummins ( in Childhood Bilingualism 1987), bíonn fadhbanna smaointeoireachta ag daoine nach bhfuil cumas feiliúnach don aois acu i dteanga amháin. Mar sin, mar a phléann Lyon, b’fhéidir go gcinntíonn an intinn go minic teanga amháin a shealbhú go cumas cuí sula sealbhaítear an dara teanga go dtí an cumas céanna.

Mar sin, ní cúis imní é teanga amháin a bheith “chun cinn” ar theanga eile ag leanbh óg dátheangach–ní hé nach sealbhóidh an leanbh an dara teanga; tá intinn an linbh a chinntiú go bhfuil teanga amháin láidir aici ar dtús sula n-iompóidh sí ar an dara teanga.

Má tá leibhéal feiliúnach don aois ag leanbh sa dá theanga, áfach, bíonn buntáistí smaointeoireachta le sonrú, i gcomparáid le leanaí a bhfuil aon teanga amháin acu. Tá na daoine dátheangacha níos éirimiúla ná an gnáth-dhuine (ar bhealaí, ar aon chaoi!).

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s