“Séideán Sí: Naíonáin Mhóra”: Léirmheas

Seo í an chéad bhliain ar bhain muid leas as an gcuraclam Séideán Sí, an curaclam Gaeilge a úsáidtear go forleathan sa nGaeltacht agus sna scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí muid ag cuartú áiseanna teagaisc Ghaeilge a chabhródh leis na leanaí óga saibhreas agus cruinneas a chur lena gcuid Gaeilge agus, ar ndóigh, iad a spreagadh chun níos mó Gaeilge a labhairt.

Tá mé sásta a rá gur bhain Séideán Sí amach na spriocanna sin ar fad go nuige seo. De réir dealraimh, is ar ghasúir ar nós ár gclainne féin atá an cúrsa dírithe: leanaí óga a bhfuil tuiscint na teanga acu cheana. I mo thuairim féin, ní bheadh Séideán Sí: Naíonáin Mhóra feiliúnach do leanaí nach bhfuil Gaeilge ar bith acu cheana–d’fheilfeadh cúrsa is fusa agus is bunúsaí dá leithéid. Mar sin, má tá tú ag smaoineamh faoi iompó ar an nGaeilge mar theanga theaghlaigh, níl mé cinnte go gcabhródh an cúrsa seo le do ghasúir.

Thairis sin, níl mé cinnte go gcabhróidh an cúrsa go mór le gasúir a bhfuil scoth na Gaeilge labhartha acu. Mar shampla, i gceann des na ceachtanna, déantar cleachtadh ar na foirmeacha cearta de “chonaic”, “ní fhaca”, agus “an bhfaca”. Cabhraíonn cleachtadh mar seo le mo chlann óg féin, mar chuirfidís freagra ar nós “bhfaca” ort (agus “chonaic” i gceist acu) má fhiafraítear díobh “an bhfaca sibh an leoraí mór?”. Ach má tá clann á tógáil i dtimpeallacht lán-Ghaeilge (Gaeilge ag an mbeirt tuismitheoirí lonnaithe i bhfíorGhaeltacht), níl mé cinnte go mbeadh feidhm leis. Cheapfainn go mbeadh “chonaic” nádúrtha go maith ag a leithéid–ní bheadh cleachtadh ag teastáil.  Sin ráite, cuirtear neart smaointe i dtaobh “Forleathnú” le gach ceacht, agus tabharfaidh na smaointe sin cúnamh maith don té atá ag plé le cainteoirí dúchasacha láidre.

Ó thaobh an déantúis de, tá na hábhair ar fad snasta, dea-dhéanta. Sa gcúrsa iomlán, tá póstaeracha lán-daite láidre, a bheifear in ann a úsáid arís agus arís eile, tá na leabhair bheaga agus na leabhair mhóra maisithe go deas agus sách mealltach ag na leanaí óga. Tá pictiúr-chártaí áille leis a chuireann go mór le suim na ngasúr. An-obair ar fad a rinneadh ar tháirgeacht an chúrsa.

B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí faoin gcúrsa ná an freastal a dhéantar ar na canúintí. Tá leaganacha ar leith de na scéalta móra ar fáil sna trí phríomh-chanúint; dá bharr sin, beidh na leanaí in ann díriú ar a gcanúint féin gan a bheith ag plé leis an gcaighdeán oifigiúil go fóillín–is buntáiste mór é seo do leanaí óga. Sílim gurb í Gaeilge Mhaigh Eo an chanúint amháin nach bhfuil na hábhair chlosamhairc feiliúnach di–beidh ar Ghaeilgeoirí Mhaigh Eo roghnú idir Ghaeilge Chonamara agus Ghaeilge Dhún na nGall.

Ar ndóigh, tá rudaí ann nach dtaitneoidh le chuile dhuine. Is steiréitíopa iad cuid mhaith de na carachtair sna leabhair–bíonn cantal go minic ar mháthair Liam (a bhíonn gléasta go galánta i gcónaí), bíonn Cáit (an deirfiúir óg) ag alpú seacláidí an t-am ar fad, bíonn Daideo lách greannmhar. 

Rud eile de, cuireadh cosc ar an gcreideamh a phlé go domhain de réir dealraimh.  Caitheann ceachtanna na Cásca an t-am ar fad ag caint faoi “Coinín na Cásca”, agus níl tagairt ar bith don aiséirí, ná don Chéarghas, ná do ainmneacha agus nósanna traidisiúnta na bhféilte tábhachtacha seo.

Mionfhadhbanna iad seo, áfach, agus caithfear a rá gur cúrsa taitneamhach, mealltach, éifeachtach atá curtha ar fáil in Séidéan Sí: Naíonáin Mhóra.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s