Teanga an Dúchais, Teanga na Máthar?

Léigh mé le deireanas Becoming Bilingual: Bilingual Language Acquisition in a Bilingual Community le Jean Lyons (1996). Rinne an siceolaí teanga seo grinn-staidéar ar 10 dteaghlach in Ynys Mon (Anglesey) a raibh leanaí is óige ná 3 bliana d’aois acu.

I measc na dteaghlach sin, ní raibh Breatnais líofa ach ag na gasúir arb í an Bhreatnais teanga na máthar. Sna teaghlaigh a labhraíodh an mháthair an Bhreatnais leis na gasúir óga, bhí Breatnais mhaith ag na gasúir, is cuma cén teanga–Breatnais nó Béarla–a labhraíodh an t-athair leis an gclann.  Sna teaghlaigh sin, áfach, a labhraíodh an mháthair an Béarla leis na gasúir, ní raibh Breatnais líofa ag na gasúir óga, is cuma cén teanga–Breatnais nó Béarla–a labhraíodh an t-athair leis an gclann. Chuaigh na gasúir le teanga na máthar i ngach cás.

Sna cásanna thuas-luaite, is ag baile a bhí an mháthair ag obair agus bhí an t-athair ag obair in áit eile; mar sin, ní léir ar chloígh na leanaí le teanga na máthar mar gheall air gurb ise a chaith an méid is mó ama in éindí leo nó mar gheall air gur máthair í. Tá fianaise ann de bharr staidéir theangeolaíochta eile go ndéanann máthaireacha cumarsáid leis na gasúir ar bhealaí nach ndéanann na fir. Mar shampla, déanann na mná scáthánú ar theanga na leanaí níos minice ná mar a dhéanann na fir (a thuganns níos mó orduithe!) Tá seans ann gur éifeachtúla a chabhraíonn iompar teanga na mban le gasúir óga an teanga a shealbhú i gcomparáid le modhanna cumarsáide na bhfear.

Mar sin, más fear thú atá ag iarraidh mionteanga a thabhairt do na leanaí–mionteanga nach labhraíonn máthair na leanaí–chuile sheans go mbeidh ort níos mó a dhéanamh ná an mhionteanga a labhairt leis na leanaí. Beidh ort neart ama a chaitheamh in éindí leis na leanaí ar ndóigh, agus ní dhéanfaidh sé aon dochar aithris a dhéanamh ar mhodhanna cainte na mban: bí ag mealladh scéalta agus fíor-chumarsáid as na leanaí agus ná tabhair an oiread sin orduithe!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s