Buntáiste na Rann & “Stad, stad a bháisteach”

Is iontach an áis iad na ranna chun leanaí óga a chur ar a gcompord ag labhairt na teanga. Cuir i gcás mo ghirseach óg–cé go bhfuil tuiscint mhaith aici ar an nGaeilge, bhíodh drogall uirthi iarracht a dhéanamh leis an nGaeilge a labhairt. Tá na ranna ag cabhrú go mór léi féin dul i dtaithí ar an teanga a labhairt gan an strus a bhaineanns leis an bhfocal cuí ceart a aimsiú. Agus spreagann an compord sin í chun an Ghaeilge a labhairt níos minice.

Ar aon chaoi, seo rann deas a d’fhoghlaim muid ó Séideán Sí:

Stad, stad, a bháisteach,
Tá na páistí cois an chlaí,
Rith leat síos le fána
is amach sa sáile arís.

Go raibh lá deas grianmhar agat!

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s