Cuir na gasúir ag Scéalaíocht

Is iontach an áis í an scéalaíocht le cumas teanga an ghasúir a chothú. Mar is eol do chách, is dócha, is dea-chleachtas é scéal amháin ar a laghad a léamh nó a inseacht do na gasúir chuile lá.

Is maith an rud é freisin ligint do na gasúir a scéalta féin a chumadh agus tú á scríobh síos (más réasúnta óg atá siad–más mór atá siad, tá siad in ann a bpeannaireacht féin a dhéanamh). Fiú má tá na gasúir in ann scríobh, chuile sheans go mbeidh an scríobh fós mall orthu, má tá siad óg, agus beidh siad in ann coinneáil orthu ag cumadh níos fusa más tusa atá i mbun scríofa.

Agus tú ar an láthair freisin, is féidir leat cabhrú leo ó thaobh na teanga de. Má théann an gasúr i dtuilleamaí focal Béarla, is féidir leat féin an focal Gaeilge a mholadh. Má tá Gaeilge labhartha mhaith ag an ngasúr cheana, is féidir focal Gaeilge is saibhre, is fileata, a mholadh i leaba gnáthfhocail ó am go chéile.

Má tá cumas labhartha Gaeilge na leanaí lag, mholfainn tosnú le scéalta an-bheaga–níl tú ag iarraidh lagmhisneach a chur orthu. Is féidir tógáil ar bhunsraith na scéalta beaga de réir a chéile.

An scéal a cumadh, is féidir é a léamh le chéile amach sa lá nó sa tseachtain. Is cleachtadh maith é seo freisin ar an léitheoireacht don leanbh.

Thar na buntáistí teanga, is mór an spraoi é a bheith ag cleachtadh scéalta le leanaí óga! Bain triail as inniu agus go rialta, agus abair linn cén chaoi a n-éiríonn libh.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s