An Gadaí Dubh & Ceirníní Doegen

 Tá an gadaí dubh ar na carachtair scéil is fearr le mo leanaí féin.  Mar a tharlaíonn, tá scéal faoin ngadaí cáiliúil seo le cloisteáil á inseacht ag Pádraig Ó hAllmhúráin mar chuid den tionscadal cheirníní Doegen.

Mara bhfuil tú ar an eolas, rinne Wilhelm Doegen agus a leathbhádóir Karl Tempel taifead ar scéalta á ríomh ag seanóirí as cuid mhaith de chontaetha na hÉireann, fiú as áiteacha a bhfuil an Ghaeilge dhúchasach marbh iontu le fada anois. Rinneadh an obair ar fad idir 1928 agus 1931.

Tá Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann ag cur na dtaifead seo anois ar an idirlíon. Más spéis leat scéalta traidisiúnta, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar shuíomh Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen: http://dho.ie/doegen/ga

Ar an drochuair, ní dhearnadh feabhsú ar na sruthanna fuaime atá foilsithe acu ar an idirlíon, agus tá neart torann ó na sean-cheirníní fós le cloisteáil ar na sruthanna fuaime. Mar sin féin, is féidir na sruthanna a fheabhsú beagáinín le córais simplí próiseála fuaime, ar nós Audacity (atá ar fáil saor in aisce), rud atá déanta agam ar an scéal seo faoin ngadaí dubh. Ní ligfidh WordPress dom mp3 a chur leis an mblag seo gan íoc as an bpribhléid, ach má tá suim agat sa mp3 deisithe, fág freagra thíos anseo agus déanfaidh mé iarracht dhul i dteagmháil leat.

Cliceáil anseo le héisteacht leis an Allmhúránach ag inseacht scéilín faoin ngadaí dubh ó shuíomh Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen: http://dho.ie/doegen/ga/LA_1171g1

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s