Ros na Rún, TG4 agus an Ghaeilge

Chuir mé spéis san agallamh a rinne Iris Aniar le Máire Ní Thuathail inniu faoi staid na Gaeilge ar Ros na Rún. Níl aon eolas agam i dtaobh léiriúchán an chláir, ach ó thaobh léargas an duine féachana, sílim go ndéanann an clár dea-obair le meascán cainteoirí, a bhfuil Gaeilge an-mhaith nó réasúnta acu, a thabhairt le chéile. Is é ceann de na rudaí is taitneamhaí faoin seó ná na canúintí éagsúla ar fad atá le cloisteáil, ina measc Gaeilge dhúchasach Chonamara, Gaeilge dhúchasach Thír Chonaill, agus Gaeilge scoile na Galltachta. Cé go bhfuil fo-aisteoir ann nach bhfuil mé cinnte an dtuigeann sé go soiléir an Ghaeilge, sílim go ndéanann an fhoireann scoth-chlár, ó thaobh na teanga de, ar phócaí folmha.

Thairis sin, tá mé an-sásta le cuid mhaith de chláracha TG4 do leanaí óga, go háirithe Olivia, Bó ag Bogadaí, Mr. Men, Garfield. Tá an dubáil Ghaeilge a ndéantar ar na cláracha an-mhaith, Gaeilge shoiléir nádúrtha á spalpadh ag na carachtair an chuid is mó den am (tá corr-fhrása Béarlachais ann freisin, ar an drochuair).

Ba cheart do TG4 a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach ar son na Gaeilge go n-uige seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s