An Cháisc: An Tuama Folamh

Seo daoibh leathanach eile le dathú: an tuama folamh. I mo thuairim féin is é an tuama folamh ar na siombailí is cumhachtaí ar aiséirí Chríost. Ar nós na chéad mhná a tháinig go dtí an tuama, is minic Críost do-fheicthe againn féin ach feiceann muid lorg a láimhe ar an saol.

Tá sliocht simplithe den Bhíobla Naofa curtha ag bun an leathanaigh le dathú. Tá teanga sách casta sa mBíobla Naofa (an t-aistriúchán a rinne sna 1980í), agus is í sin ceann des na laigí is mó atá aici má táthar ag iarraidh focal Dé a mhúineadh go soiléir.

Ó thaobh an oideachais de, áfach, tugann beagáinín castacht teanga deis iontach Gaeilge na ngasúr a shíneadh agus a shaibhriú. Tá gluaiseacht ann i saol na foilsitheoireachta le deireanas a deir gur cheart teanga shimplí éasca le tuiscint a bheith i leabhair pháistí le go mbeidh muinín acu as a gcumas léitheoireachta. Is maith an smaoineamh é leas a bhaint as na leabhair seo, ach caithfear a bheith cinnte freisin leabhair is dúshlánaí a thabhairt do na gasúir. In éagmais dúshláin, ní fhásfaidh teanga na ngasúr–seo ar ndóigh an rud atá ag tarlúint do Ghaeilge na gcainteoirí dúchais sa gcóras oideachais de réir na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta–tá a gcuid Gaeilge ag dul in olcas mar gheall ar easpa dúshláin agus mar gheall ar thionchar na leanaí gan Gaeilge.

Nuair a thugtar téacs dúshlánach do ghasúr, áfach, teastaíonn cabhair ón ngasúr sin. Nuair a bheas an gasúr sách sean (in aois déagóra i ndáiríe), beidh sé nó sí in ann dhul i dtuilleamaí an fhoclóra. Roimh an aois sin, áfach, ba cheart don tuismitheoir nó don mhúinteoir na focail agus na habairtí a mhíniú don lucht léite.

Mar sin, fágadh cuid de dheacrachtaí teanga an Bhíobla Naofa istigh sa leathanach le dathú thíos–bí cinnte na habairtí casta a mhíniú do do ghasúir féin!

Seo é an leathanach:

An Tuama Folamh dathu

Leagan PDF: An Tuama Folamh dathu pdf

Advertisements

2 fhreagra ar “An Cháisc: An Tuama Folamh

  1. Ping: An Pháis agus an Cháisc | gasuirlegaeilge

  2. Ping: Aoine an Chéasta 2016 | gasuirlegaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s