Deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge

Fógraíodh le deireanas go mbeidh an rialtas nua ag cur deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge tar éis na scoilbhliana reatha. Níor fógraíodh fós cén scéim a thiocfas i gcomharbacht air (má thagann scéim ar bith).

Níor tógadh mé féin sa nGaeltacht, ar ndóigh, só níl taithí pearsanta agam ar an scéim seo. Ón méid ar chuala mé faoi sna blianta a chuaigh thart, táthar ann a shíleann gur spreag an scéim scoilt sa bpobal Gaeltachta idir iad sin a fuair an deontas agus iad sin nach bhfuair (agus iad sin a fuair cé nach raibh sé tuilte acu!). Táthar ann, freisin, a shíleann gur thug an scéim ugach agus misneach do na tuismitheoirí a chothaigh labhairt na Gaeilge sa gclann.

Ní féidir liom féin caint chiallmhar a dhéanamh faoi na himpleachtaí soch-theangeolaíochta a bheas ar an nGaeltacht de bharr dheireadh na scéime, ach tá smaoineamh agam ar bhealaí a d’fhéadfaí an t-airgead sin a úsáid leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc Gaeilgeoirí óga ar fud na hÉireann:

Tugadh an rialtas buiséad leabhar do chuile ghasúr le Gaeilge mhaith. Ní airgead tirim a bheadh i gceist ach cineál dearbháin nach mbeadh inghlactha ach ag foilsitheoirí Gaeilge. 

Faoi láthair, tugtar 260 Euro do chuile leanbh a bhfuil Gaeilge aige nó aici ón mbaile agus atá ina chónaí sa nGaeltacht. Fiú más 50 Euro amháin a thabharfadh an rialtas do chuile leanbh le Gaeilge an-mhaith ar fud Éireann, bheadh gach leanbh in ann thart ar 6 leabhar Gaeilge a cheannach gach bliain.

Spreagfadh scéim mar seo an léitheoireacht i measc Gaeilgeoirí óga, shaibhreodh sé Gaeilge na leanaí sin, agus dhéanfadh sé ceangal láidir idir an duais agus an teanga féin.

Céard iad bhur dtuairimí féin, a léitheoirí dile, faoin a leithéid de scéim leabhar?

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s