“Éalú as Páras”: Léirmheas

Éalú as Páras le hAlain Surget (Leabhar Breac 2011; bunleagan Fraincise 2005) ar an leabhar Gaeilge do pháistí is fearr dá bhfuil léite againn. Scéal eachtraíochta is ea é a leanann beirt ghasúr—Louise Bheag agus Benjamin—ar cúpla iad. Tá an cailín cróga ceanndána, ach bíonn an buachaill pas beag faiteach cúthail. Nuair a fuair a máthair bás, tugadh go dílleachtlann iad mar ní raibh a fhios cérbh é a n-athair. I rith an scéil, faigheann siad amach gur foghlaí mara clúiteach é a n-athair agus go bhfuil rud eicínt ag na gasúir a bhfuil slua mór drochdhaoine ag iarraidh a fháil.

 Bíonn eachtra bheag i ngach uile chaibidil leis an aicsean a choinneáil sa tsiúl, agus bailíonn an plota neart de réir a chéile. Tá Gaeilge bhreá so-thuigthe ar fud an leabhair cé nach luaitear ainm an aistritheora (na n-aistritheoirí?). Ní bheadh a fhios agat nach i nGaeilge a scríobhadh an leabhar ar dtús (marab ionann is cuid mhaith cáipéisí oifigiúla aistrithe). Tabharfaidh an Ghaeilge dúshlán réasúnta do ghasúir a bhfuil Gaeilge shimplí acu ach nach bhfuil taithí acu ar roinnt mhaith ábhar éagsúil a phlé sa nGaeilge. Mar shampla, déantar trácht ar “craiceann na ngasúr a fheannadh”—bhí orm míniú a thabhairt do mo mhac (6 bliain d’aois)  ar an bhfocal “feann”. Sílim go gcuirfidh an leabhar síneadh breá le foclóir mo mhic.

 Tá an leabhar maisithe go hálainn ag Annette Marnant, a bhfuil tionchar ealaíon nua-aimseartha na Seapáine le brath ar a stíl. Cuireann na pictiúirí lándaite ag tús gach caibidil go mór le sceitimíní na ngasúr, agus, ar na bileoga ceangail, tá mapa breá agus léaráid loinge a mhúineann na téarmaí cuí ar chodanna na loinge móire.

 Tá suim as cuimse ag mo mhac sa scéal agus sílim go dtaitneoidh an leabhar le gasúir idir 6 agus 11 má chuireann siad spéis sna foghlaithe mara. Ar ndóigh, is é an tuismitheoir a bheas ag léamh an leabhair do na gasúir óga, agus beidh na gasúir is sine in ann tabhairt faoin leabhar leo féin. Níl an oiread sin suim ag mo chailín (4 bl. d’aois) sa scéal—sílim go bhfuil an iomarca dúshláin ag baint leis an bhfoclóir go fóill ina cás-sa; taitníonn leabhair Bhéarla faoi fhoghlaithe mara léi.

 An t-aon ábhar clamhsáin—níl an leabhar sách fada! Tá 94 leathanach sa leabhar agus beidh mo mhac ag tnúth lena thuilleadh. Ar an dea-uair, tá an leabhar mar chuid de shraith leabhar ar a dtugtar “Bratach na gCnámh” a leanann eachtraí an chúpla óig.

 Tá rún againn an tsraith ar fad a cheannach.

 Tá €7.50 ar Éalú as Páras agus is féidir é a cheannach díreach óna foilsitheoirí nó ó do shiopa leabhar áitiúil (ISBN 978-0-898332-54-4).

“Tagann an Spiorad Naomh”: Léirmheas

Leabhar beag simplí é Tagann an Spiorad Naomh a chuireann síos ar theacht an Spioraid ar Lá Cincíse. Gaeilge shoiléir Chonamara, aistriúchán ar leabhar Béarla, ach tá an leagan Béarla bunaithe ar an leagan sa mBíobla. Tá na pictiúir lándaite mealltach agus taitneoidh an leabhar le gasúir óna 4 go dtí 8, déarfainn. Ar bheagán níos mó ná 2 €, is leabhar deas é.

Clár Tacaíochta Teaghlaigh

An bhfuil preasráiteas fo-roinn na Gaeltachta léite agaibh?

 http://www.ahg.gov.ie/ie/Preaseisiuinti/2012/Aibrean2012PreasRalteas/htmltext,16436,ie.html  

Ní dheachaigh sé i bhfeidhm orm–ní slánú na Gaeltachta atá ann ar aon chaoi. Cuirfidh an t-aire le chéile pacáiste eolais do mháithreacha nua faoi bhuntáistí na Gaeilge. Tabharfaidh sé tacaíocht do Chúntóirí Teangan. Cuirfidh sé breis campaí samhraidh ar bun. Is rudaí maithe iad seo ar fad.

Mar sin féin, i mo thuairim féin, léirigh an Staidéar Cuimsitheach gur ghá na scoileanna a athrú ó bhun go barr má táthar chun dúshlán an Bhéarla a thabhairt i ndáiríre. Níl i bplean ar bith eile  ach sop in áit na scuaibe.

Sin ráite, ní as an nGaeltacht mé. Agus chuala mé daoine Gaeltachta, a bhfuil scoth na Gaeilge acu, a mhaíomh nár maith leo an córas atá acu a athrú mar go scoiltfeadh an t-athrú sin an pobal áitiúil. B’fhéidir, mar sin, nach bhfuil an dara rogha ag Mac Fhionnlaoich ach an sop sin a luascadh chomh dúthrachtach agus is féidir leis.

Agus ar an lá céanna is a d’fhógair an t-aire an Clár Tacaíochta, léiríodh go gcaillfidh roinnt suntasach scoileanna Gaeltachta duine foirne. Mara ndearna tú éisteacht le heagrán na Máirte seo caite de Irish aniar, is fiú éisteacht:
http://www.rte.ie/radio/radioplayer/rteradiowebpage.html#type=radio&rii=17%3A3268483%3A1747%3A26%2D04%2D2012%3A   

Caithfidh Gaeilgeoirí sa nGaeltacht agus sa nGalltacht glacadh leis go mbeidh na fíorGhaeltachtaí ar fad ina breacGhaeltachtaí faoi cheann 20 bliain.

Lá Bealtaine: tús an tsamhraidh

Hasty Pudding: milseog na coitiantachta ar Lá Bealtaine sa seachtú haois déag

B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag aimsir na hÉireann, ach is é an lá inniu, an chéad lá de Bhealtaine, tús traidisiúnta na tsamhraidh. Dúirt Sir Henry Piers sa mbliain 1682 go ndéantaí “hasty pudding” go hiondúil ar an lá seo.

Níl a fhios a’m beo an Ghaeilge cheart ar “hasty pudding” (b’fhéidir go gcabhróidh léitheoir liom), ach tá oideas agam ón bliain 1774 agus bainfidh mé triail as anocht. Féach an t-oideas thuas!

Príomhchathair na nGael?

Beidh mé i mBaile Átha Cliath go ceann seachtaine i mí Bhealtaine. Níl ach thart ar 10 lá caite a’m i bpríomhchathair na hÉireann roimhe seo, agus mothaím sách aineolach ar an gcathair. Tá cuid de na radharcanna turasóireachta feicthe a’m, ach ní fhaca mé riamh saol Gaeilge na cathrach. An bhfuil moltaí ag duine ar bith faoi na háiteacha ar cheart dom cuairt a thabhairt orthu agus suim agam sa nGaeilge?

comóradh

Mara bhfuil an t-alt seo http://cstair.blogspot.com/2012/04/cuimhneamh-no-comoradh.html, scríofa ag Vincent Morley, léite agat go fóill, is fiú é a léamh. Caithfidh mise pléadáil ciontach–is minic ar úsáid mé “comóradh” ar nós “commemoration” an Bhéarla. Ach stopfaidh mé den drochós sin anois! :-)

Mallachtaí

Ar thug duine ar bith faoi deara flúirseacht na mallachtaí is na n-eascainí atá i leabhair na Gaeilge don aos óg? Cuir i gcás leabhar a thaitníonns go mór le mo chlann: Cití Cailleach agus a Slaitín Draíochta. Sa leabhar sin, deir Cití:
“Damnú air!” An ndéarfadh sí “Dam_ it” i mBéarla? Agus tá An Seilide agus an Míol Mór, aistrithe ag Gabriel Rosentock, beagnach do-léite de bharr líon na n-eascainí, leithéidí “A Mhaighdean” (marach nach bhfuil an leabhar díreach os mo chomhair , thabharfainn tuilleadh samplaí as an leabhar céanna). An ndéarfadh carachtar i scéal Béarla “G_d, I’m tired!”

D’fhéadfaí a áitiú go bhfuil frásaí mar seo níos nádúrtha i nGaeilge ná i mBéarla, ach níleadar i mo thuairim féin. Is é “f_cking” an focal is mó a úsáideanns na mic léinn ollscoile anseo; tá súil agam nach gcuirfear an focal céanna isteach sna leabhair Bhéarla do na leanaí óga.

Ar ndóigh, tá traidisiún láidir in aghaidh na mallachta ag na Gaeil. Mar shampla, i gceann de scéalta Bhab Feiritéar (“An Monk”), sonraíonn carachtar amháin: “Titeann an tríú cuid den mhallacht san áit go ndeintear an mhallacht as, titeann an tríú cuid eile ar an té go gcaitear an mhallacht leis, agus titeann an tríú cuid eile ar a té a chaitheann an mhallacht.” (Ar ndóigh, léiríonn an scéal ag an gcríoch nach bhfuil an oiread sin donais sa mallact, ach sin scéal eile!)

Más é bhur dtoil é, a fhoilsitheoirí na Gaeilge, coinnigh na mallachtaí amach ó na leabhair do léitheoirí óga! Nó titfidh an tríú cuid den mhallacht oraibh féin! :-)

Tuairimí?